Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Salomé as Gaeilge ar an stáitse

$
0
0
Cuirfidh an compántas téatair Splódar léiriú nua-chumtha den dráma Salomé ar stáitse in Ionad na nGleannta, Cluainín, Co Liatroma an mhí seo chugainn.

Bunaithe ar scríbhinní le Cathal Ó Searcaigh, meascann an léiriúchán dúshlánach seo meáin éagsúla le taispeántas nuálach a chur i láthair, ag baint úsáide as scannánaíocht agus ceol nua-cumtha.

Baineann scéal an Bhíobla le banríon Salomé agus an dúil ainsrianta atá aici i dtreo Eoin Baiste agus an toradh tubaisteach atá air seo. Díreofar ar chumhacht an mheallta, ar uafás bhású Eoin Baiste agus ar dhomhan mí-ionraic na gcarachtar ó thús go deireadh an léiriúcháin go dtí go nochtar damhsa cáiliúil Shalomé.

I bpáirt Shalómé beidh Elise Ní Bhraonáin, céimí de chuid Coláiste na hOllscoile (grianghraf di thuas) agus is é t-aisteoir cáiliúil Aindrias de Staic a bheidh i bpáirt Eoin Bhaiste. Is é John Keane, aisteoir as Ros na Rún a bheidh i ról Herod agus Máire Ní Mhuiris mar Herodias.

Tá tús curtha le cleachtaí don léiriúchán a bheidh ag dul ar chamchuairt an mhí seo chugainn ó 18 Deireadh Fómhair go 3 Samhain sna hionaid a leanas:

18 Deireadh Fómhair - Ionad na nGleannta, Cluainín
19 Deireadh Fómhair - Amharclann Civic, Tamhlacht
20 Deireadh Fómhair - Arts Centre, An Daingean
22 Deireadh Fómhair - Ionad Ealaíon, Lios Tuathail
23 Deireadh Fómhair - Axis, Baile Munna
24 Deireadh Fómhair - Garage, Muineachán
25 Deireadh Fómhair - Cultúrlann Uí Chanáin, Doire
26 Deireadh Fómhair - Mermaid, Bré Chualainn
27 Deireadh Fómhair - Áras Inse Gluaire, Béal a’ Mhuiread
1 Samhain - An Taidhbhearc, Gaillimh
2 Samhain - Leitir Ceannainn (An t-Oireachtas)
3 Samhain - Leitir Ceannainn (An t-Oireachtas)

Beidh tuilleadh eolais maidir le dul chun cinn an léiriúcháin ar fáil ar shuíomh gréasáin an chompántais ‘Splódar’ www.splodar.com.

© Foilsithe ar Gaelport.com - 6 Meán Fómhair 2012

 

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Tromluí Phinocchio in Amharclann Smock Alley

Oíche Chultúir 2012

Deis oiliúna do scríbhneoirí Gaeilge

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>