Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Ceol Tuathalach

$
0
0

Tá ATT Vol 5, bailiúchán nua ceoil ón gclár raidió An Taobh Tuathail ar fáil anois le híoslódáil saor in aisce ag www.rte.ie/rnag.

Tá an clár raidió 13 bliain ar an bhfód anois agus dar le Skirmish (www.skirmishblog.net) ‘ó bunaíodh an clár is ceannródaí é ar cheol ailtéirneach in Éirinn’.   

Aithnítear An Taobh Tuathail mar institiúid i saol an cheoil ailtéirnigh, in Éirinn agus i gcéin, agus is cinnte go ndéanfaidh an bailiúchán nua lucht éisteachta an chláir a shásamh.  Cloistear scoth an cheoil Éireannach ó Linda Buckley (Lyric FM), an cumadóir ón bpríomhchathair Roger Doyle, Keith Mannion atá lonnaithe i nDún na nGall agus Katie Kim as Port Láirge.  Agus i measc na ngnécheoltóirí idirnáisiúnta atá mar chuid den chnuasach tá Dau Cefn as an mBreatain Bheag,  Julia Holter, cumadóir agus ceoltóir ó Los Angeles agus Torus, déagóir ón Ísiltír.

Is é Cian Ó Cíobháin, DJ aitheanta agus láithreoir an chláir, a chuir an cnuasach de 18 rian le chéile bunaithe ar a rogha cheoil ón Taobh Tuathail le bliain anuas.   Agus é ag caint faoi lucht éisteachta an chláir dúirt Ó Cíobháin go mbíonn siad ‘i dteagmháil liomsa go rialta ó chúinní éagsúla an domhain.  Tá cónaí ar go leor acu i gcuid de phríomhchathracha an domhain, ach caithfidh siad a bheith ag éisteacht le stáisiún atá ag craoladh ó iarthar na hÉireann mar nach bhfuil aon chlár raidió eile ag casadh an cheoil a thaitníonn leo.  Déantar neamhaird de go leor ceoil ar an raidió, agus is maith liom go dtugann ATT ardán do cheoltóirí nach bhfaighfeadh ardán in aon áit eile’.

Eisíodh 3 CD de bhailiúchán cheoil ATT ón mbliain 2007 agus tá fáil anois ar na bailiúcháin sin mar chnuasach ceoil iomlán.  Is féidir An Taobh Tuathail Collection a cheannach trí shuíomh idirlíon Raidió na Gaeltachta ag  www.rte.ie/rnag

Tá ATT Vol 5 le fáil le híoslódáil saor in aisce ag www.rte.ie/rnag go dtí 1 Deireadh Fómhair 2012 agus is féidir éisteacht leis An Taobh Tuathail gach Luan go hAoine ag 9pm ar Raidió na Gaeltachta.

©Foilsithe ar Gaelport.com 6 Meán Fómhair 2012

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Oíche Chultúir 2012

Salomé as Gaeilge ar an stáitse

As na Nuachtáin: ‘Masla agus ísliú céime’ do Raidió na Gaeltachta

Lean an scéal seo agus @Gaelport agus @Cogar_ie ar Twitter:  #Gaeilge #RnaG #Craoltóirí


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>