Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Cuireadh chun ceoil oscailte le haghaidh iarratas

$
0
0
Tá bonn óir Sheáin Uí Riada á dtairiscint arís i mbliana mar dhuais ar Chomórtas Cuireadh chun Ceoil 2012.

Roghnaítear uirlis éagsúil gach bliain agus is ar cheol na cruite agus na bpíob a bheidh an comórtas ag freastal i mbliana. Comórtas feadóige móire a bhí ann anuraidh agus an fhidil a bhí mar théama ann an bhliain roimhe.

Cén chaoi a oibríonn sé? Is le linn chlár Pheadair Uí Riada Cuireadh Chun Ceoil gach Aoine ó 7 – 9i.n. ar Raidió na Gaeltachta a seinnfear ceol na n–iarratasóirí. Iarrtar ar cheoltóirí cúig rian dá gcuid ceoil gan tionlacan a sheoladh isteach i bhfoirm dlúthdhiosca agus craolfar na hiarratais le dul san iomaíocht gach seachtain. Rachaidh an cúigear iomaitheoir déag is fearr san iomaíocht le haghaidh bonn óir Sheáin Uí Riada ag ócáid mhór na craoibhe i mí Eanáir 2013.

Ba é an seinnteoir fliúite Tim McHugh as Baile Uí Fhiacháin, Co. Mhaigh Eo a bhuaigh comórtas na feadóige móire anuraidh agus a thóg abhaile leis duais de luach €2,500. Chuir níos mó ná 60 ceoltóir isteach ar chomórtas na feadóige móire anuraidh as a roghnaíodh cúigear déag le dul san iomaíocht sa chraobh. B’iad na ceoltóirí aitheanta Mary Bergin, Michael Tubridy agus Matt Molloy a bhí mar mholtóirí ar an gcomórtas.

Is í an chomhairle a thugtar d’iarratasóirí agus iad ag ullmhú a gcuid rianta ná go mbeadh a stíl féin sainaitheanta agus nach ndéanfar aithris ar bith ar cheoltóirí eile agus go léireofar tuiscint ar nádúr agus ar fhoinse an cheoil. Is féidir iarratais a sheoladh chuig An Draighean Cúil Aodha, Magcromtha, Co Chorcaigh nó uaslódáil a dhéanamh ar www.cuireadhchunceoil.com agus is é 12 Deireadh Fómhair 2012 dáta dúnta an chomórtais.

© Foilsithe ar Gaelport.com - 7 Meán Fómhair 2012


Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas
:

Ceol Tuathalach

Oíche Chultúir 2012

Filí Éireannacha le páirt a ghlacadh i mBlas na hAlban

 

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>