Baileoidh twitterati na Gaeilge lena chéile don chéad tweetup as Gaeilge, an #Gtuít sa Culture Box, 12 Sráid Essex Thoir i mBarra an Teampaill, Baile Átha Cliath, Déardaoin 27 Meán Fómhair ón 6.00-7.15.
Pléifear na forbairtí is úire atá ag titim amach ar an idirlíon agus sna meáin dhigiteacha ag an ócáid neamhfhoirmiúil a bheidh oscailte do chách.
Is é príomhshuíomh eolais na Gaeilge, Gaelport.com atá i mbun na hócáide a eagrú. “Tá sé tráthúil go mbeidh an ócáid seo ar siúl”, dar le Niamh Ní Shúilleabháin Eagarthóir Gaelport.com, “tráth a bhfuil méadú mór ar an líon duine a bhíonn ag baint tairbhe as an nua-theicneolaíocht ar mhaithe le cumarsáid a dhéanamh agus is fíor sin i gcás na Gaeilge chomh maith”.
“Tá i gceist againn deis a thabhairt do Ghaeilgeoirí agus do dhaoine a bhfuil suim acu i gcúrsaí teicneolaíochta, gréasánú a dhéanamh lena chéile agus aithne phearsanta a chur ar na daoine a bhíonn ag tuíteáil as Gaeilge agus a bhíonn ag glacadh páirte sna líonraí sóisialta eile trí mheán na Gaeilge.
Tá an ócáid bunaithe ar mhúnla an tweetup agus is minic a bhuaileann leantóirí Twitter lena chéile ag na hócáidí seo. Meascán idir tweetup agus seisiún eolais atá i gceist agus beidh an ócáid seo oscailte do gach aon duine a bhíonn ag úsáid na láithreáin líonraithe shóisialta Twitter, Instagram, Pinterest, LinkedIn, Facebook, Google+ agus an láithreán líonraithe shóisialta Ghaeilge, Abair leat ina measc.
“Tá áthas orainn go mbeidh Mícheál Ó Foighil, duine de bhunaitheoirí Abair Leat i láthair ag an ócáid agus tabharfaidh sé cur síos ar fheachtas Choláiste Lurgan atá tar éis dul i bhfeidhm ar an aos óg ar líne ar YouTube agus ar na meáin shóisialta eile” a deir sí.
Chomh maith leis sin, tá beartaithe go mbeidh Fiachra Ó Marcaigh, stiúrthóir an chomhlachta comhairleoireachta idirlín Amas in ann tuar a thabhairt ar na forbairtí atá le titim amach i gcúrsaí teicneolaíochta sa bhliain atá amach romhainn.
“Táimid ag súil go gcuirfidh an #Gtuít tús leis an bplé agus go spreagfar forbróirí, blagadóirí eagraíochtaí Gaeilge agus daoine eile i dtreo tionscadail dhigiteacha úra eile a fhorbairt amach anseo a rachaidh chun tairbhe do chainteoirí Gaeilge agus d’fhoghlaimeoirí araon”, a deir Ní Shúilleabháin.
Beidh an #Gtuít ar siúl ó 6.00-7.15 sa Culture Box, 12 Sráid Essex Thoir, Barra an Teampaill, Déardaoin 27 Meán Fómhair. Beidh fáilte roimh chách. Moltar an haischlib #Gtuít a úsáid más mian le lucht an #Gtuít blagáil agus tweetáil beo a dhéanamh le linn na hócáide.
Is tionscadal digiteach de chuid Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge é Gaelport.com agus tá sé urraithe ag Foras na Gaeilge. Ba mhaith le Gaelport.com aitheantas a thabhairt don tacaíocht atá curtha ar fáil ag Taisce Chultúrtha Bharra Teampaill don ócáid.
Tuilleadh eolais ar fáil ó Niamh Ní Shúilleabháin: 01 679 4780/0879624868 niamh@gaelport.com
www.gaelport.com/guit www.facebook.com/gaelport.com/ @gaelport ar Twitter
Preaseisiúint le Gaelport.com - Foilsithe ar 11 Meán Fómhair 2012