Fógraíodh le déanaí go ndéanfar córas marcála Chomórtas Ghlór na nGael a athrú i mbliana.
Cuirfear tús le moltóireacht na bliana seo ar 15 Deireadh Fómhair agus is ar an aistriú teanga ó ghlúin go glúin a bheas an bhéim in 2012.
Bronntar duaischiste €160,000 go bliantúil ar ghrúpaí éagsúla a dhéanann an Ghaeilge a spreagadh i measc a bpobal idir chumainn áitiúla, mic léinn tríú leibhéil agus eagraíochtaí idirnáisiúnta.
Bronntar marcanna ar 8 gné éagsúla le linn an tréimhse moltóireachta idir dheiseanna labhartha, oideachas agus phoiblíocht, agus beartaíodh le déanaí go ndéanfar marcanna don aistriú teanga ó ghlúin go glúin a dhúbailt in am do mholtóireacht na bliana seo.
Córas Marcála Ghlór na nGael:
Mír oibre Céatadán na marcanna
Coiste agus Plean 17.5%
Oideachas 15%
An Óige Taobh Amuigh den Scoil 15%
Deiseanna Labhartha 15%
Poiblíocht 7.5%
Seirbhísí Gnó agus Stáit 10%
Aistriú Teanga ó Ghlúin go Glúin 15%
Cúrsaí Eaglasta 5%
Aithnítear an nasc idir dul chun cinn na Gaeilge agus spreagadh teanga i measc na n-óg agus de bharr sin táthar ag iarraidh go ndéanfaí an Ghaeilge a aistriú go héifeachtúil ó ghlúin go glúin, rud a rachadh i bhfeidhm ar fhorbairt áitiúil na teanga agus a dul chun cinn sa phobal.
Anuas air sin, aithnítear tábhacht bhunobair na n-eagraíochtaí áitiúla ó thaobh pleanála teanga de agus tosaíocht na pleanála i bhforbairt áitiúil theanga.
Dúirt Lorcán Mac Gabhann, Ceannasaí Ghlór na nGael "Aithnítear córas marcála, agus struchtúr chomórtas Ghlór na nGael mar uirlis praiticiúil pleanáil teanga. Dá bhrí sin, aithnímid féin go gcaithfidh bhreathnú go rialta ar an gcóras moltóireacht agus a chinntiú ní amháin go bhfuil sé sin ag léiriú cá bhfuil an obair is éifeachtaí, maidir le forbairt na teanga, ar siúl, ach gur féidir leis an gcóras féin spreagadh a thabhairt do choistí gnéithe éagsúla den phleanáil teanga a dhaingniú ina bpleananna oibre don chéad tréimhse eile romhainn."
Leanfaidh tréimhse mholtóireachta Chomórtas Ghlór na nGael ó 15 go 26 Deireadh Fómhair agus bronnfar na gradaim ag searmanas in Óstán Chaisleán Chluain Tarbh, Tuaisceart Bhaile Átha Cliath ar 20 Aibreán 2013.
©Foilsithe ar Gaelport.com 11 Meán Fómhair 2012
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
Filí Éireannacha le páirt a ghlacadh i mBlas na hAlban
Duaiseanna Ghlór na nGael 2011
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge