Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Áis úr d’fhoghlaimeoirí Gaeilge ar líne

$
0
0

Seolfar suíomh nua QuickIrish.com i mí Deireadh Fómhair 2012, áis do ghlan thosaitheoirí ar líne.

Táthar ag súil go mbaileoidh níos mó ná 300,000 cuairteoirí le chéile ag Tóstal Éireann 2013 lena n-oidhreachta féin a cheiliúradh. Is cinnte go mbeidh cuid mhaith acu fiosrach faoi theanga a sinsir agus ní raibh sé riamh chomh héasca cúpla focal, frásaí agus abairtí a fhoghlaim ar líne.

Cuirfidh QuickIrish.com frásaí úsáideacha ar fáil do dhaoine a bheidh ag tabhairt cuairte ar Ghaeltachtaí in iarthar, deisceart agus tuaisceart na tíre.

Tá an togra seo á fhorbairt ag eTeanga, saineolaithe i dteagasc na Gaeilge agus bunaitheoirí an tsuímh BitsizeIrishGaelic.com, áis eile a thugann deis do dhaoine an Ghaeilge a fhoghlaim céim ar chéim I bhfoirm comhrá agus athrá. Tá an suíomh á úsáid ag na céadta foghlaimeoirí ar fud an domhain. Is é Eoin Ó Conchúir a bhunaigh eTeanga agus é ag plé leis an nGaeilge ar líne le 15 bliain anuas.

Má tá suim agat leas a bhaint as QuickIrish.com, is féidir do sheoladh ríomhphoist a chlárú chun go gcoimeádfar ar an eolas thú faoi sheoladh an tsuímh an mhí chugainn.


© Foilsithe ar Gaelport.com 12 Meán Fómhair 2012

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

#Gtuít: Fáilte curtha roimh lucht na Gaeilge ar líne freastal ar ócáid líonraithe shóisialta i mBarra an Teampaill

Ranganna Gaeilge i gcroílár na príomhchathrach

Ceapacháin: Foireann úr ag ullmhú do Sheachtain na Gaeilge 2013


Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>