Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Ceol ón Chlann

$
0
0

Cuirfear síos ar oidhreacht agus ríshleachta an cheoil thraidisiúnta in Éirinn i sraith nua TG4, Ceol ón Chlann.

Tabharfar aghaidh ar sé theaghlach le linn na sraithe ag a bhfuil cáil idirnáisiúnta bainte amach acu sa cheol traidisiúnta - muintir Keane, Black, Uí Shnodaigh, McPeake, Patterson agus Sands. 

Díreoidh an tsraith ar scéal na nglún thart agus oidhreacht shaibhir cheoil na muintire éagsúla.  Is í Pádraigín Ní Uallacháin a bheidh mar reacaire ar an tsraith a fógraíodh mar chuid de sceideal nua an fhómhair de chuid TG4.  Leanfaidh an tsraith ar feadh sé seachtaine agus díreoidh gach clár ar scéal mhuintire amháin.  Cuirfear na cláir i láthair le taifeadtaí ó chartlanna RTÉ, BBC agus UTV agus físeáin phearsanta na gclann a taifeadadh tríd na blianta. 

Cuirfear agallamh ar na ceoltóirí féin le Dolores agus Seán Keane, Mary agus Frances Black, Rónán, Colm agus Rossa Ó Snodaigh, Francie McPeake III, Tommy Sands agus Billy Patterson ar fad ag cur síos ar a gcuid taithí mar cheoltóirí idirnáisiúnta agus tionchar an cheoil i measc a muintire.  Mar aon leis sin, cloisfear cuntais ar an ábhar ó Liam Ó Maonlaí, Mary Bergin, Dónal Lunny, Áine Hensey, Colm Mac Con Iomaire, Lynette Fay, Séan Bán Breathnach, Neil Martin, Breandán Ó Beaglaioch, Brian Mullen, Robert McMillen agus Dónal K O’Boyle.
 
Is féidir an chéad chlár sa tsraith, atá dírithe ar mhuintir Keane, a fheiceáil ar Dé Domhnaigh, 23 Meán Fómhair ag 10pm.
 
Tuilleadh eolais ar fáil ag www.tg4.ie.

©Foilsithe ar Gaelport.com 14 Meán Fómhair 2012

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Cuireadh chun ceoil oscailte le haghaidh iarratas

As na Nuachtáin: TG4 on a roll with autumn schedule

Oíche Chultúir 2012

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge #TG4


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>