Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Scéal Chnoic 16 le hinsint ar chlár nua TG4

$
0
0

Cnoc 16 a thugtar air sa lá atá inniu, in ómós d’Éirí Amach na Cásca dár ndóigh, ach Cnoc 60 an t-ainm a tugadh ar ardán cáiliúil Pháirc an Chrócaigh i dtosach, ainm tiomnaithe don chath cáiliúil a thit amach ar Chnoc 60 i nGallipoli le linn an Chéad Chogadh Domhanda i 1915.

Déantar scéal an Chnoic is cáiliúla in Éirínn a insint i gclár nua faisnéise de chuid TG4, Cnoc 16

Pléitear gnéithe staire an ardáin sa chlár nua atá léirithe ag Square One Productions agus a chraolfar ar an Domhnach seo chugainn, 23 Meán Fómhair.  Cuireann an clár síos ar thraidisiúin agus scéal eachtrúil an Chnoic, idir an stair agus an spórt, mar aon leis an gcaoi a bunaíodh é mar cheanncheathrú lucht tacaíochta Átha Cliath.
 
Cloistear léirmheasanna agus scéalta ó staraithe agus ó laochra spóirt ag a bhfuil naisc ar leith acu leis an ardán stairiúil, ina measc Tim Carey, an Dr Paul Rouse agus imreoirí Átha Cliath, Ger Brennan, David Henry agus Brian Mullins.
 
Aithnítear é anois mar cheanncheathrú thacadóirí na Dubs, áit a mbailíonn an t-arm gorm le chéile gach samhradh, ach is ionad oilithreachta é an Cnoc do lucht an CLG ina iomlán agus déantar an meas neamhchoinníollach a thugtar ar thábhacht agus stair an Chnoic a phlé sa chlár nua.
 
Craolfar Cnoc 16 ar TG4 ar an Domhnach seo chugainn, 23 Meán Fómhair ag 9.30pm.

©Foilsithe ar Gaelport.com - 17 Meán Fómhair 2012

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Ceol ón Chlann

Salomé as Gaeilge ar an stáitse

As na Nuachtáin: Nazis as Gaeilge and jockey hunt among TG4’S autumn stories

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge #TG4 #Hill16


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>