Beidh comhdháil faoin léitheoireacht ar siúl in Ionad Comhdhála Marino, Baile Átha Cliath, ar an 21 agus 22 Meán Fómhair 2012.
Tá an chomhdháil á reáchtáil ag Foras na Gaeilge le haird a thabhairt ar staid reatha na litríochta Gaeilge agus go háirithe conas is féidir í a chur chun cinn. Tabharfar aird ar leith ar léitheoirí na litríochta Gaeilge agus is í sprioc na comhdhála ná bealaí a aimsiú leis an líon léitheoirí a mhéadú.
Beidh aoichainteoirí ag plé réimse leathan ábhar liteartha ag an deireadh seachtaine idir thionchar an ríomhleabhair, dháileadh agus margaíocht litríochta agus staid na foilsitheoireachta Béarla in Éirinn. Anuas air sin, beidh cainteanna ar thionchar na meán agus thábhacht na gclubanna leabhar.
Is í Rachel Van Riel, Stiúrthóir ‘ Opening the Book’ sa Bhreatain a bheidh ag tabhairt eochairchaint na comhdhála, ‘cothú na léitheoireachta sa phobal’ ina bpléifidh sí na modhanna éagsúla a úsáideadh sa Bhreatain leis an léitheoireacht a chur chun cinn, ag díriú go háirithe ar thábhacht na leabharlann. Déanfar plé ar na cleachtais idirnáisiúnta maidir leis an léitheoireacht a spreagadh i measc an phobail, idir dhaoine fásta agus dhaoine óga, agus beidh Oriol Izquierdo, Stiúrthóir Institiúid Litríochta na Catalóine ag tabhairt cainte ar leabhair a aistriú ó mhionteangacha go mórtheangacha.
Beidh foilsitheoirí Gaeilge agus scríbhneoirí Gaeilge éagsúla ag glacadh páirte sa Chomhdháil, ina measc beidh:
Cathal Póirtéir, scríbhneoir agus craoltóir, RTÉ;
Barra Ó Séaghdha, Dublin Review of Books, Journal of Music in Ireland;
Máire Uí Shíthigh, Oidhreacht Chorca Dhuibhne;
Alan Titley, scríbhneoir;
Anna Heussaff, scríbhneoir agus taighdeoir;
Áine Ní Ghlinn, scríbhneoir;
Jacqueline de Brún, scríbhneoir agus Comhairleoir Oideachais, An tÁisaonad, Béal Feirste;
Liam Carson, Stiúrthóir fhéile litríochta IMRAM;
Seán Ó Coinn, Leas-Phríomhfheidhmeannach & Stiúrthóir Seirbhísí Oideachais, Foras na Gaeilge;
Sean Beattie, Leabharlanna Thuaisceart Éireann;
Jane Alger, Stiúrthóir, Baile Átha Cliath - Cathair Litríochta UNESCO;
Breandán Mac Craith, Clárbhainisteoir ÁIS;
Gareth Cuddy, Príomhfheidhmeannach ePub Direct;
Eithne Kennedy agus Pádraig Ó Duibhir, Coláiste Phádraig, Droim Conrach;
Eoin Purcell, Eagarthóir Irish Publishing News.
Is é Aire Stáit na Gaeltachta, Donnchadh mac Fhionnlaoich, TD, a osclóidh an Chomhdháil go hoifigiúil ar 9.30am, Dé hAoine, 21 Meán Fómhair 2012.
Tuilleadh eolais ag www.leabhar.ie
©Foilsithe ar Gaelport.com - 18 Meán Fómhair 2012
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
As na Nuachtáin: Acht na dTeangacha Sáraithe ag Oifig an Uachtaráin
Lucht léitheoireachta agus litríochta na Gaeilge
As na Nuachtáin: Fifty Shades of Gaeilge – lucht teanga céasta idir dhá chaighdeán
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge #leabhar