Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Lá Náisiúnta na gCosán – 7 Deireadh Fómhair 2012

$
0
0

Seo é an ceathrú bliain a leithéid de lá a bheith á eagrú in Éirinn anois ós rud é gur éirigh chomh maith sin leis le cúpla bliain anuas agus an fheidhm atá leis ná daoine de gach aois a spreagadh chun dul amach agus taitneamh a bhaint as siúlóidí  agus cosáin atá mórthimpeall na tíre.

Idir shiúl mall, shiúl crua sna cnoic is rothaíocht sna cnoic.  Mar chuid de Lá na mBealaí Náisiúnta beidh go leor imeachtaí éagsúla ar siúl ar fud na tíre chun aird a tharraingt ar cé chomh tábhachtach is atá sé dul amach faoin aer úr agus tairbhe a bhaint as na háiseanna nádúrtha iontacha atá againn anseo in Éirinn.

Anuraidh ghlac suas le 10,000 duine páirt in imeachtaí éagsúla ar fud na tíre, d’eagraigh lucht eagraíochta, grúpaí áitiúla agus cumainn éagsúla suas le 230 imeacht faoin spéir ar an lá.  Arís I mbliana beidh na himeachtaí saor in aisce, dá bhrí sin cuir ort do bhuataisí agus lean an cosán!!

Chun tuilleadh eolais a fháil i dtaobh imeachtaí i do cheantar féin nó chun imeacht a eagrú téigh ar an suíomh gréasáin: www.nationaltrailsday.ie

©Foilsithe ar Gaelport.com - 18 Meán Fómhair 2012

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Oíche Chultúir 2012

Líofa 2015 ag Ceiliúradh bliain ar an bhfód

#Gtuít: Fáilte curtha roimh lucht na Gaeilge ar líne freastal ar ócáid líonraithe shóisialta i mBarra an Teampaill

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge #siúlóid


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>