Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Líofa 2015 ag Ceiliúradh bliain ar an bhfód

$
0
0

Ar an 22 Meán Fómhair i gCearnóg Theach an Chustaim i mBéal Feirste beidh ceiliúradh mór ar siúl ag Líofa 2015 agus iad ag ceiliúradh bliain ar an bhfód.

Tá an lá seo dírithe ar dhaoine atá ag tabhairt faoin dúshlán Líofa. Tá sé dírithe ar an fhoghlaimeoir, ar dhaoine atá fiosrach faoin Ghaeilge ach fáilte roimh an domhan is a mháthair!

Ar an lá bheidh tacaíocht, eolas agus cúnamh ar fáil d’fhoghlaimeoirí Gaeilge agus anuas air sin beidh ceiliúradh mór le neart imeachtaí gaelacha.

Beidh an craoltóir cumasach leis an BBC Lynette Fay mar bhean an tí ar an lá agus i measc na n-aíonna beidh an banna ceoil bríomhar Goitse, ceol le JJ Ó Dochartaigh, Popamhráin as Gaeilge, Nodlaig Brolly, Cláirseoir as Dún Geimhin, beidh neart spraoi agus Cleasaíocht choiméide  leis na Fanzini Brothers agus Ariel Killick ó Independent State of Happiness i measc na gceoltóirí agus amhránaithe beidh Cór Loch Lao.

Dáta: Satharn, 22 Meán Fómhair 2012

Am: 1–4pm 

Ionad: Cearnóg Theach an Chustaim, Béal Feirste

Tuilleadh eolais: R: líofa@dcalni.eu / T: 028 90515008

©Foilsithe ar Gaelport.com - 18 Meán Fómhair 2012

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Sprioc ‘Líofa 2015’ sínte go 5,000 cainteoir

Líofa 2015 ag ceiliúradh bliana ar an bhfód

As na Nuachtáin: There’s never been a better time to learn Irish

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge #Líofa


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>