Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Suíomh nua d’iar-bhunscoileanna Lán-Ghaeilge agus Gaeltachta

$
0
0

Tá suíomh nua www.ceacht.ie ar fáil anois do mhúinteoirí Gaeilge i scoileanna Gaeltachta agus gaelscolaíochta.

Is éard bheidh i gceist leis, ná ábhar foghlama agus clár teagaisc Gaeilge d’iar-bhunscoileanna atá nua-aimseartha agus dúshlánach a chur ar fáil do mhúinteoirí Gaeilge i scoileanna Gaeltachta agus  gaelscolaíochta.

Is tionscadal é seo de chuid na Comhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta.  Is í Siún Ní Mhaoinaigh, Stiúrthóir an tionscadail seo agus tá Aoife Ní Chonchúir agus Úna Nic Gabhann ag obair air chomh maith.

Beidh ábhar nua á chur leis an suíomh go rialta le linn na scoilbhliana.
• Acmhainní don Teastas Sóisearach
• Acmhainní don Ardteistiméireacht
• Podchraoltaí
• Físe, Fuaim
• Feachtas Teanga

Beidh an suíomh seolta  go hoifigiúil ag Ard-Mhéara Bhaile Átha Cliath, Naoise Ó Muirí  ar an 28 Meán Fómhair 2012. Breis eolais le fáil ón gComhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta.

©Foilsithe ar Gaelport.com - 18 Meán Fómhair 2012

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Dea-scéal do sheirbhísí teanga sa Ghaeltacht

As na Nuachtáin: First Gaelscoil begins new term

As na Nuachtáin: Parents get vote to take schools out of control of the Church

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge #AnGhaelscolaíocht


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>