Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Séasúr úr Chiorcal Comhrá Cois Teallaigh

$
0
0

Agus an Fómhar arís linn beidh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ag cur mhuintir na hardchathrach ag labhairt agus ag comhrá le chéile trí mheán na Gaeilge gach tráthnóna Luain ar feadh ocht seachtaine.

Cuirfear tús leis an séasúr nua den Chiorcal comhrá ar an Luan, 01 Deireadh Fómhair 2012.

Seo deis iontach do dhaoine feabhas a chur a gcuid Gaeilge labhartha in atmaisféar neamhfhoirmiúil agus bualadh le cairde nua ag an am céanna.

Ionad:
Cois Teallaigh (Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge)
46 Sráid Chill Dara
Baile Átha Cliath 2

Am: 4:00 - 5.30in gach tráthnóna Luain

Costas:  €12 an duine ar tréimhse 8 seachtaine

Dátaí: 01 Deireadh Fómhair – 26 Samhain 2012
(Ní bheidh aon chiorcal comhrá ann an deireadh seachtaine saoire bainc i mí Dheireadh Fómhair.)

Míle fáilte roimh chách a bheith i láthair agus taitneamh a bhaint as an gcomhluadar agus cupán deas tae nó caife.

Ma ta spéis agat a bheith inár gcuideachta seol ríomhphost chuig Brígíd brighid@comhdhail.ie nó cláraigh d'ainm linn ag: 01 679 4780 
 
©Foilsithe ar Gaelport.com - 18 Meán Fómhair 2012

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Líofa 2015 ag Ceiliúradh bliain ar an bhfód

Áis úr d’fhoghlaimeoirí Gaeilge ar líne

#Gtuít: Fáilte curtha roimh lucht na Gaeilge ar líne freastal ar ócáid líonraithe shóisialta i mBarra an Teampaill

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge #CoisTeallaigh


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>