Coicís eile imithe agus tá comórtas eile á reáchtáil ag Gaelport agus an tseachtain seo beidh dhá thicéad chuig an gceolchoirm mhór dar teideal The Ace & Deuce of Piping le buachan ag duine amháin!
Bíonn seisiún Ceoil leis na Píobairí Uilleann i dTeach Tábhairne an Cobblestone ar an gcéad Mháirt de gach mí. Tagann ceoltóirí den scoth le chéile agus seinm ceol breá bríomhar traidisiúnta.
Arís i mbliana tá an-áthas ar na Píobairí Uilleann The Ace & Deuce of Piping a chur i mbéal an phobail ar an Domhnach, 07 Deireadh Fómhar 2012. Beith scoth na gceoltóirí i láthair ag an oíche mhór h seo i Halla na Saoirse i gceartlár Bhaile Átha Cliath. I mbliana déanfaidh an cheolchoirm mhór seo ceiliúradh ar cheol, shaol agus ar shaothar Seamus Ennis a fuair bás tríocha bliain ó shin cothrom an ama seo.
I measc na gceoltóirí a bheidh i láthair beidh an fidléir iomráiteach as Tír Chonaill Tommy Peoples. Ar stáitse freisin beidh an fliúiteadóir as Béal Feirste Harry Bradley, an damhsóir sean-nóis as An Spidéal i gConamara Seosamh Ó Neachtain, Paddy Ryan and Frank Jordan as Ros Comáin ar an bhfidil agus ar an bhfeadóg mhór agus beidh Pat Mitchell ar na píopaí uilleann. Ina gcuideachta beidh ceol draíochtach na bpíopaí le Mark Redmond, Brendan Wickam, Ned Wall agus Séamus Mac Mathúna a bheith i measc na n-aíonna.
Beidh an t-amhránaí cumasach sean-nóis Áine Uí Cheallaigh as Rinn Ó gCuanach ina dteannta ag canadh amhrán ar an oíche.
Ticéid: €25/ €20 ar fáil ó Hall na Saoire : T: 353 (0)1 8721122
Ceist na seachtaine seo:
Ainmnigh an teach tábhairne i mBaile Átha Cliath a mbíonn seisiún ceoil thraidisiúnta á reáchtáil ag na Píobairí Uilleann ann ar an gcéad Mháirt de gach mí?
a) Mulligans
b) Cobblestone
c) Hughes
d) O’ Donoghues
Seol freagraí chuig an seoladh ríomhphoist seo a leanas: eolas@gealport.com roimh 12:00 meán lae, Dé Céadaoin, 26 Meán Fómhar 2012.
Comhghairdeas le hÁine Holt a bhuaigh duais an eagráin seo caite.
Táimid fíorbhuíoch de na Píobairí Uilleann a bhronn an dá thicéad iontacha seo orainn mar dhuais. Is féidir tuilleadh eolais faoin na Píobairí Uilleann a fháil ag: www.pipers.ie.
©Foilsithe ar Gaelport.com - 18 Meán Fómhair 2012
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
Cuireadh chun ceoil oscailte le haghaidh iarratas
Scéal Chnoic 16 le hinsint ar chlár nua TG4
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge #Píobairí