Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Acht na Gaeilge i lár an Aonaigh

$
0
0

Beidh ceiliúradh agus éileamh ar cheart teanga ar siúl i mBéal Feirste ar an 5 & 6 Deireadh Fómhair 2012.

Ar an Aoine, 05 Deireadh Fómhair ar 7pm beidh turas bus dátheangach - An Ghaeilge i mBéal Feirste; léacht agus ceol.

Ag meán lae ar an Satharn 6 Deireadh Fómhair beidh pobal na Gaeilge ó fud fad an oileáin ag glacadh seilbhe agus ag glacadh páirte sa Scáth-Pharáid ó Halla na Cathrach i mBéal Feirste le díon na háite ársa seo a ardú le guthanna Gaeilge, agus iad ag éileamh chearta agus Acht na Gaeilge agus tá ceiliúradh beartaithe.

Moltar do dhaoine scáth fearthainne maisithe a thabhairt leo agus ina dhiaidh sin beidh ceiliúradh ar siúl i Halla Uladh le neart siamsaíochta agus ceoil.

Beidh Ceol Gaeilge na hAlban le hArt Mac Cormaic agus Ingrid Henderson, seónna, céilí, ceol, damhsa, ealaíon, taispeántais ilchultúrtha, turais bus le tráchtaireacht dhátheangach agus go leor eile!

Tá sé se bliana anois ó thug rialtas na Breataine gealltanas i gComhaontú Chill Rimhinn, Acht na Gaeilge a reachtú ó thuaidh, rud nach ndearnadh go fóill.

I 2006 is 2007, le linn dhá chomhairliúchán phoiblí, tugadh le fios go raibh tromlach na bhfreagraí go hiomlán taobh thiar de reachtaíocht cheartbhunaithe mar a mhol POBAL, eagras abhcóideachta na Gaeilge.

Thar an deireadh seachtaine beidh Gaeil ó gach cearn den tír ag teacht le chéile le hAcht na Gaeilge a chur ar ais arís i lár an aonaigh.  Agus tá sé leagtha amach ag POBAL, eagarthóirí an lae, tógáil ar rath dochreidte ócáid na mblianta roimhe seo.  Míle fáilte roimh chách!

Postaer na hócáide 

Tá tuilleadh eolais ar fail ó POBAL:
Teil: +44 (0)28 90 438132
Ríomhphost: eolas@pobal.org nó téigh chuig www.pobal.org

©Foilsithe ar Gaelport.com - 18 Meán Fómhair 2012

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Líofa 2015 ag Ceiliúradh bliain ar an bhfód
As na Nuachtáin: Sos Cogaidh sa Chath Cultúrtha?
As na Nuachtáin: Naíscoil na Daróige diúltaithe ag Aire Oideachais

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge #AchtTeangaTÉ


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>