Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Triúr ainmnithe ar Bhord nua Údarás na Gaeltachta

$
0
0

Tá triúr ainmnithe do Bhord nua Údarás na Gaeltachta ag Comhairlí Contae Ciarraí, Mhaigh Eo agus na Mí.

Tá próiseas ceapacháin nua ann do Bhord an Údaráis ó fógróidh go mbeidh deireadh le toghchán don bhord nuair a achtaíodh Acht na Gaeltachta 2012 i mí Iúil seo caite.

Beidh laghdú ar líon na ndaoine a bheidh ar an mBord nua ón scór comhalta atá ann faoi láthair go dtí dáréag de bharr athruithe suntasacha ar dhéantús an Bhoird ó achtaíodh an tAcht. 

In áit toghcháin ceapfaidh an tAire Gaeltachta an Cathaoirleach agus seisear eile ar an mBord. Tabharfar an deis do Chomhairle Contae Dhún na nGall, Comhairle Contae Mhaigh Eo, Comhairle Contae na Gaillimhe agus Comhairle Contae Chiarraí comhalta a ainmniú nó ionadaí eile a ainmniú sa chás nach bhfuil comhalta oiriúnach ar fáil.  Roinnfear comhalta amháin idir Gaeltacht na Mí, Gaeltacht Chorcaí agus Contae Phort Láirge ar bonn timthriallach gach dhá bhliain. Ní rachaidh téarmaí oifige na gcomhaltaí thar chuig bliana agus ní cheapfar comhaltaí chun oifige ar feadh níos mó na dhá théarma i ndiaidh a chéile.

Tá na Comhairlí Contae ina bhfuil ceantar Gaeltachta faoina ndlínse i mbun ionadaithe a roghnú do bhord an Údaráis faoi láthair. D’ainmnigh Comhairle Contae Chiarraí Séamus Cosaí Mac Gearailt  atá tofa ar Chomhairle Contae Chiarraí do pháirtí Fhine Gael ar an mbord ag cruinniú den chomhairle an tseachtain seo caite. D’éirigh le Ian Mac Aindriú ainmniúchán Chomhairle Contae Mhaigh Eo a bhaint amach ar an Mháirt ar mholadh ó Pháirtí Fhine Gael agus ainmníodh Cathal Seoighe mar bhall an bhoird ar mholadh ó Chomhairle Contae na Mí coicís ó shin. Is baill den Bhord reatha iad an triúr atá ainmnithe anois.

Níor éirigh le Comhairle Contae Dhún na nGall ionadaithe a roghnú don Bhord ag cruinniú den Chomhairle Contae inné. Tuigtear go bhfuil tuilleadh soiléirithe ag teastáil ón gComhairle ar dhá cheist éagsúla agus nach mbeidh an Chomhairle ag ainmniú duine go dtí deireadh mhí Dheireadh Fómhair nuair atá soiléireacht acu ar an bpróiseas ceapacháin.  Tuigtear go bhfuil beirt bhall reatha, Daithí Alcorn (Fianna Fáil) agus Pádraig Ó Dochartaigh (Neamhspleách) san iomaíocht d’ainmniúchán na Comhairle Contae sin.

Tá go dtí 25 Meán Fómhair ag na comhairlí contae a n-ainmniúcháin a chur in iúl don Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta.

Níor ainmnigh an tAire Stáit Gaeltachta aon duine as an seachtar ainmniúchán atá aige ar an mBord go fóill. Dúirt urlabhraí na Roinne gur tháinig os cionn 68 iarratas chuig an Roinn tríd an suíomh gréasáin www.publicjobs.ie agus go bhfuil anailís á déanamh ar na hiarratais sin faoi láthair. Beidh an tAire ag cinntiú go mbeidh  taithí agus scileanna ag na daoine a cheapfar ar nithe atá ábhartha i leith fheidhmeanna an Údaráis, lena n-áirítear an cumas chun feidhmeanna an róil a chomhlíonadh trí mheán na Gaeilge.

Leanfaidh na baill tofa reatha ar an mBord go dtí 30 Meán Fómhair 2012. Deir urlabhraí na Roinne go bhfuil triúr faoi láthair ar an mBord atá ainmnithe ag an Aire agus nach bhfuil a dtréimhse ar an mBord thart go dtí Aibreán seo chugainn. Beidh cinneadh le déanamh ag an Aire ag deireadh na míosa seo, deireadh a chur le tréimhse na dtriúr sin agus  bord iomlán nua a cheapadh, nó  an triúr ainmnithe a fhágáil air go dtí Aibreán 2013 agus ceathrar comhaltaí eile a cheapadh anois in éineacht leis an gcúigear a bheidh ainmnithe ag na comhairlí contae. 

©Foilsithe ar Gaelport.com - 18 Meán Fómhair 2012

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Tús curtha le próiseas earcaíochta do bhord an Údaráis

As na Nuachtáin: Coinneofar le polasaí na mban “chomh fada agus is féidir” ar Bhord an Údaráis

Bille Gaeltachta Foilsithe

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge #Gaeltacht #Údarás


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>