Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Oíche Chultúir 2012 á cheiliúradh ag Raidió na Life

$
0
0

Craolfar trí chlár speisialta ar Raidió na Life ar an Aoine, 21 Meán Fómhair, mar cheiliúradh ar an Oíche Chultúir 2012.

Is í an t-aon oíche sa bhliain a chuirtear fáilte roimh an bpobal cuairt a thabhairt ar ionaid chultúrtha na tíre idir amharclanna, ghailearaithe, thithe stairiúla agus ionaid cheoil, go déanach san oíche agus gan costas ar bith ag baint leis.

Bunaíodh an Oíche Chultúir sa bhliain 2006 agus táthar ag súil go mbeidh Oíche Chultúir 2012 ar an gceann is mó riamh.  Titfidh na céadta imeachtaí amach ar fud na tíre ar an Aoine agus beidh Raidió na Life i láthair ag Gailearaí Náisiúnta na hÉireann sa phríomhchathair le craoladh speisialta a dhéanamh don ócáid. 

Cuirfear tús leis an gcraoladh beo ag 7.00pm leis an gclár 'Ag an bPictiúrlann' á chur i láthair ag Pilib Ó hIcí agus Donncha Mac Giolla Mhuire.  Tabharfar aghaidh ar an Oíche Chultúir ina hiomlán i gclár speisialta tiomnaithe don ócáid le Cian Mac Cárthaigh ag 7.30pm agus críochnóidh an craoladh beo ón nGailearaí Náisiúnta leis an gclár ‘An Oíche Shóisialta,’ curtha i láthair ag Sara Mc Namara agus Helena King ó 8-9.00pm.  Beidh na cláir uilig le cloisteáil ar Raidió na Life, 106.4FM i mBaile Átha Cliath agus ar líne ar fud na cruinne ag www.raidionalife.ie, ó 7.00pm ar aghaidh.

I ndiaidh dóibh Gailearaí Náisiúnta na hÉireann a fhágáil, leanfaidh foireann Raidió na Life ar aghaidh chuig an Siopa Leabhar, Sráid Fhearchair, áit a ndéanfar taifead ar an ‘Seisiún sa Siopa’ is déanaí.  Is sraith de cheolchoirm mhíosúil é ‘Seisiún sa Siopa’ a chuirtear ar siúl, saor in aisce, i gceanncheathrú Chonradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath.  Is é an ceoltóir Eoin Glacken a bheas mar aoi ag an seisiún ar an Aoine agus beidh sé le cloisteáil mar chuid de chlár speisialta mar gheall ar an imeacht a chraolfar ar Raidió na Life go luath.

Is féidir gach eolas a fháil ag www.raidionalife.ie agus www.culturenight.ie.

©Foilsithe ar Gaelport.com 20 Mean Fómhair 2012

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Oíche Chultúir 2012

Dhá thicéad chuig ceolchoirm mhór na bPíobairí Uilleann le buachan!

Láithreoirí á lorg ag Raidió na Life

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #gaeilge #RaidioNaLife


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>