Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Aiséirí na Taibhdheirce

$
0
0
Dúnadh an Taibhdhearc cúig bliana ó shin nuair a dódh cuid don fhoirgneamh ach tá aiséirí i ndán d’amharclann náisiúnta na Gaeilge agus beidh drámaí ar stáitse arís le linn Féile Drámaíochta na Gaillimhe.
Déanfaidh Uachtarán na hÉireann, Michael D. Ó hUigínn, an Taibhdhearc a athoscailt go hoifigiúil Dé hAoine 28 Meán Fómhair 2012.

Beidh ceol agus amhráin le Cór agus Ceolfhoireann Fhiolarmónach na Taibhdheirce. Anuas air sin, beidh an t-aisteoir Micheál Ó hAinnín ina fhear an tí agus beidh an t-aisteoir, Ann Marie Horan, páirteach sa chur i láthair chomh maith.

Ach beidh feitheamh níos faide i gceist don bpobal i gcoitinne agus tabharfar an deis dóibh freastal ar an gcéad léiriúchán Gaeilge, Tromluí Phinocchio le linn féile drámaíochta na Gaillimhe.

Tugadh ardmholadh don dráma seo le linn Fhéile Fringe Bhaile Átha Cliath agus beidh sé le feiceáil ar an 3 agus 4 Deireadh Fómhair.

“Cinnte táim ag tnúth le hathoscailt na Taibhdheirce le tamall fada agus is rud iontach é do dhrámaíocht na Gaeilge na Gaeilge agus do chathair na Gaillimhe go mbeidh na doirse ag oscailt arís”, a deir Máiréad Ní Chróinín, stiúrthóir leis an gcomhlacht léiriúcháin Moonfish.

A fhad is a bhí athchóiriú ar bun san amharclann, d’éirigh leis an Taibhdhearc léiriúcháin dá cuid féin a chur ar stáitsí eile in Éirinn. Is é Scorach, le Pádraic Breathnach an chéad léiriúchán de chuid na Taibhdheirce a bheidh le feiceáil ar an stáitse nua i mí na Samhna.
 

© Foilsithe ar Gaelport.com 24 Meán Fómhair 2012

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:

As na Nuachtáin: Leithscéal Gafa ag Oifig Ard-Rúnaí an Uachtaráin as Acht na dTeangacha a Shárú ach tá ceisteanna fós le freagairt

Cursaí: Ceardlanna do scríbhneoirí Gaeilge

Féilire: Aoife Ní Fhearraigh - Bewley’s@6

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #gaeilge #taibhdhearc


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>