Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Feirm Factor thar sáile

$
0
0
Beidh clár teilifíse réaltachta ‘Feirm Factor’ le feiceáil ar stáisiúin theilifíse eile san Eoraip ó d’éirigh leis an gcomhlacht léiriúcháin Good Company Productions coincheap a dhíol le sé stáisiún le déanaí. Bíonn an clár le feiceáil ar TG4 agus é á láithriú ag Maura Derrane  le cabhair ó aíonna S éagsúla, Alan Dukes agus Seán Ó Lionáird ina measc.

Sa chlár téann deich feirmeoir san iomaíocht lena chéile don ghradam náisiúnta. Tá leagan eile den chlár le feiceáil ar S4C sa Bhreatain Bheag agus tá duiseanna bainte amach ag an gclár sin.

Beidh an leagan úr le craoladh sa Fhrainc, sa Ghearmáin, sa tSualainn, san Iorua, sa Danmhairg agus san Fhionlainn amach anseo.

D’éirigh go maith leis an tsraith ó craoladh ar TG4 é ceithre bliana ó shin ach tá beartaithe ag an gcomhlacht Good Company Productions casadh nua a chur sa chéad shraith eile.  Sa chlár sin rachaidh clanna feirmeoireachta san iomaíocht lena chéile don ghradam.
© Foilsithe ar Gaelport.com 24 Meán Fómhair 2012

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:

Aiséirí na Taibhdheirce

Saol an scoláire Fulbright: Agallamh le Madeleine Ní Ghallchobair

Folúntas: Riarthróir oifige, Béal Feirste

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #gaeilge #TG4


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>