Beidh an cairtstáisiún Gaeilge, Raidió RíRá, ag craoladh ar 94.3FM i mBaile Átha Cliath ó 24 Meán Fómhair go dtí 7 Deireadh Fómhair agus is ar aos óg na cathrach a bheith sé ag díriú.
Is é Raidió RíRá an chéad chairtstáisiún Gaeilge do dhaoine óga inar féidir teacht ar an bpopcheol is rathúla, iarratais a chur isteach ar amhráin, vótáil ar na hamhráin is fearr agus éisteacht le ‘Top 40’ Oifigiúil na hÉireann.
Cuirtear réimse breá clár ar fáil i rith na seachtaine – Maidin Mhaith le Daragh Ó Tuama, Bricfeasta Mall le Frances Ní Mhaoilréanna, An Lón Mór le Síne Nic an Ailí, Na Singlí Scaoilte le Cillian de Búrca, TRL ar Éileamh le hOrla Nic Cárthaigh, agus Top 40 Oifigiúil na hÉireann le Daithí Ó Dáibhín.
Chomh maith leis sin, cuirtear cláir sa bhreis ar fáil ag an deireadh seachtaine ‘Dioscó Dána’ agus ‘Clár na n-Ochtóídí’ ina measc mar sin tá clár ann le dul in oiriúint do gach duine.
Thosaigh an stáisiún ag craoladh an phopcheoil ar líne sa bhliain 2008 agus bhí sé le cloisteáil ar an gcóras FM ó 2009 – 2001 agus é ag dul ó neart go neart ó shin le breis agus 4,000 éisteoir ar fud na cruinne.
Tá sé mar aidhm ag foireann agus láithreoirí Raidió RíRá idir dhaltaí scoile agus aos óg na cathrach a spreagadh chun an Ghaeilge a úsáid ar bhonn laethúil, taobh istigh agus taobh amuigh den seomra ranga.
"Feictear dúinn gur céimeanna suntasacha chun tosaigh iad seo i dtreo seirbhís raidió Ghaeilge a chur ar fáil go lánaimseartha do dhaoine óga na tíre trí gach meán cumarsáide atá ar fáil do Raidió Rí-Rá, an córas teilifíse digití, FM, DAB agus gutháin ghlice ina measc ", a dúirt Traic Ó Braonáin, Cathaoirleach Raidió RíRá.
© Foilsithe ar Gaelport.com 24 Meán Fómhair 2012
Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:
Cúis cheiliúrtha Raidió Rí-Rá
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #gaeilge #craoltoiri @Cogar_ie