Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Seirbhís trí Ghaeilge – An Garda Síochána

$
0
0
Tá sé i gceist ag an Gharda Síochána scéim nua a dhréachtadh de réir Alt 11 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. 

Is é bun-chuspóir an Achta ná a chinntiú go mbeadh fáil níos mó ar sheirbhísí poiblí trí Ghaeilge agus go mbeadh siad chaighdeán níos airde. Seo an dara scéim atá a n-ullmhú ag an Gharda Síochána, tá an chéad scéim le fáil ag an nasc seo - Scéim Teanga . 

Tá aighneachtaí maidir le hullmhú na dréacht-scéime á lorg ag an Gharda Síochána anois ó aon pháirtithe leasmhara.  Ba chóir, go hinmhianaithe, nach rachadh na haighneachtaí sin thar 1,000 focal.  Ba chóir freisin, go hinmhianaithe, aighneachtaí, a sheoladh go leictreonach chuig dreachtsceim@garda.ie.  

Ina ionad sin is féidir iad a sheoladh tríd an bpost chuig:

Oifig an Leas-Choimisinéara,

Straitéis agus Bainistíocht Athraithe,

Ceanncheathrú an Gharda Síochána,

Páirc an Fhionnuisce,

Baile Átha Cliath 8. 

 

Is é an dáta deireanach d’aighneachtaí a bheith faighte ná 19 Deireadh Fómhair 2012.

Tá eolas maidir le mandáid agus an ról/na seirbhísí arna soláthar don phobal ag an Gharda Síochána ar fail ar www.garda.ie.

Tá tuilleadh eolais faoin Acht ar fáil ar láithreán gréasáin na Roinne Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta ag www.ahg.gov.ie nó ar iarratas trí ríomhphoist chuig achtteanga@pobail.ie.


Beidh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ag ullmhú aighneacht go luath. Más mian leat teagmháil a dhéanamh linn agus cur leis an aighneacht seo is féidir teagmháil a dhéanamh le eolas@gaelport.com.

Bíonn an nuacht is déanaí faoi sheirbhísí Gaeilge agus cur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla ar fáil ar gaelport: http://www.gaelport.com/abhchoideachthttp://www.gaelport.com/achtnadteangachaoifigiula2003.    

Foilsithe ar Gaelport.com 25 Meán Fómhair 2012

Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>