Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Éachtaí móra bainte amach ag Comórtais Liteartha an Oireachtais 2012

$
0
0

Fógraíodh buaiteoirí Chomórtas Liteartha an Oireachtais ar 25 Meán Fómhair ag searmanas bronnta i bPáirc an Chrócaigh.

Ócáid fhíorthábhachtach do scríbhneoirí Gaeilge is ea Comórtas Liteartha an Oireachtais,  atá 115 bliain ar an bhfód agus a thugann aitheantas do scríbhneoirí Gaeilge úra agus do scríbhneoirí a bhfuil clú bainte amach acu lena saothar cheana féin.  Bronntar duais ar gach gné den litríocht laistigh de 15 catagóir agus chomh maith leis sin tugtar ardán don scríbhneoir óg.

I measc an 15 catagóir i mbliana, bhí ficsean, an gearrscéal, cumadóireacht amhrán, iriseoireacht agus níos mó. Ba é Maidhc Dainín Ó Sé a chroch duais an Fhicsin Éadrom lena shaothar ‘Punt Isló’ agus buaiteoirí na rannóige Ficsean do dhaoine óga (9/10-15) ab ea Caitríona Ní Chatháin/Ken Ó Donnchú le ‘Fálta’ agus Anna Heussaff le ‘Hóng’.

Tháinig Alan Desmond sa chéad áit sa rannóg Ábhar léitheoireacht don Fhoghlaimeoir Fásta lena shaothar ‘An Gaeilgeoir Grámhar’ agus ba é saothar le Joe Steve ó Neachtain, ‘An Fear Glas’ a dhaingnigh an chéad áit i gcomórtas an ghearrscéil.

Bhain Alex Hijmans ón Ísiltír an chéad áit amach i gcatagóir an phróis agus tháinig Colm Ó Ceallacháin sa chéad áit i gcatagóir an scríbhneora nua is fearr. Bhuaigh saothar leis an bhfile aitheanta Liam Ó Muirthile ‘An Fuíoll Feá’ an chéad duais i rannóg an chnuasaigh fhilíochta agus sa rannóg ‘Cumadóireacht Amhrán’ bhain Seán Ó Muimhneacháin duais amach le ‘Tá an Oíche Garbh Gruama’.

Bronnadh duaiseanna ar scríbhneoirí óga sna haoisghrúpaí faoi 21 agus faoi 16 sna rannóga: iriseoireacht, scéal agus filíocht. Tá liosta iomlán de bhuaiteoirí Chomórtas Liteartha an Oireachtais ar fáil anseo.

I láthair ag an searmanas I mbliana bhí Beirní Ní Chuinn, a d’fhógair na torthaí go hoifigiúil agus an tAire Stáit Dinny McGinley mar aon le lucht liteartha na Gaeilge. Dúirt Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais, “Agus cúpla céad iontrálaí in iomaíocht do na 15 chatagóir de dhuaiseanna a bhí le buachan i mbliana, creidimid gur gá an fhéith seo a chothú le go dtiocfaidh fás agus forbairt ar scríbhneoireacht na Gaeilge.”

Déanfar ceiliúradh mór i Leitir Ceannainn ag tús mhí na Samhna le haghaidh Oireachtas na Samhna 2012, ina mbeidh comórtais, seoltaí agus neart ceoil agus spraoi ar siúl ar feadh seachtaine iomlán, lonnaithe in Óstán an Mount Errigal.

 

© Foilsithe ar Gaelport.com 26 Meán Fómhair 2012

 

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:

Raidió RíRá beo ar FM i mBaile Átha Cliath inniu

Bagairt don Ghaeilge sa ré dhigiteach

#Gtuít: Fáilte curtha roimh lucht na Gaeilge ar líne freastal ar ócáid líonraithe shóisialta i mBarra an Teampaill

 

 

 

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>