An tseachtain seo beidh an leabhar Cruinnscríobh na Gaeilge (eagrán 2012) le bronnadh ar dhuine amháin, níl ort ach an cheist shimplí seo ag deireadh an ailt a fhreagairt chun a bheith san iomaíocht don duais seo.
Gearrchúrsa praiticiúil i ngramadach agus i gcruinnscríobh na Gaeilge atá sa saothar seo atá foilsithe ag Cois Life.
Tá sé dírithe go príomha ar an bhfochéimí Gaeilge. Seo an ceathrú eagrán den chlasaic mhór-ráchairte seo faoi ghramadach na Gaeilge agus tá sé tógtha chun foirfeachta ag an údar, Ciarán Mac Murchaidh.
San eagrán iomlán nuachóirithe seo tá ábhar agus cleachtaí breise curtha isteach sa leabhar. Ar an CD-ROM tá ríomhdhiagnóis idirghníomhach tosaigh a léiríonn cá bhfuil gá le hobair bhreise a dhéanamh ag an úsáideoir agus cleachtaí ríomhthástala le haghaidh na gcaibidlí.
Beidh Cruinnscríobh na Gaeilge ina ábhar luachmhar don fhochéimí Gaeilge, do scoláirí agus do dhaoine ag obair in earnáil na Gaeilge.
Ceist na seachtaine seo:
Cé a d’fhoilsigh an leabhar Cruinnscríobh na Gaeilge (eagrán 2012)?
a) Coiscéim
b) Futa Fata
c) Cois Life
d) An Gúm
Seol freagraí chuig duais@comhdhail.ie roimh mheán lae, Dé Céadaoin, 10 Deireadh Fómhair 2012 agus bíodh na focail “Comórtas Gaelport” mar ábhar an ríomhphoist.
Comhghairdeas le Micí Walsh as Contae Ard Mhacha a bhuaigh dhá thicéad chuig an gceolchoirm mhór The Ace & Deuce of Piping san eagrán seo caite.
Orduithe: www.coislife.ie nó, más siopa atá i gceist, tríd Áis ach glaoch a chur ar (01) 6616522 nó ríomhphost a chur chuig ais@forasnagaeilge.ie.
© Foilsithe ar Gaelport.com 2 Deireadh Fómhair 2012
Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:
Éachtaí móra bainte amach ag Comórtais Liteartha an Oireachtais 2012
Bagairt don Ghaeilge sa ré dhigiteach
Seirbhís trí Ghaeilge – An Garda Síochána
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #Gaeilge