Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Bia Blasta le ceiliúradh ag Blas Bídh Uíbh Ráthaigh

$
0
0

Meallfar na sluaite go Gaeltacht álainn Uíbh Ráthaigh ó 19 go 22 Deireadh Fómhair leis an tionscadal bia áitiúil a cheiliúradh ag féile Blas Bídh Uíbh Ráthaigh.

Tá dul chun cinn suntasach tar éis tarlú sa cheantar áitiúil ó thaobh táirgeacht bia de agus tá sé mar aidhm ag an bhféile cuireadh a thabhairt do dhaoine as gach cearn den tír teacht agus an bia áitiúil a thriail.

Thug Údarás na Gaeltachta tacaíocht don togra trí Scéim na bhFéilte. Táthar ag súil go gcuideoidh an fhéile go mór le heacnamaíocht agus le hearnáil bhia an cheantair.

Ba é an tAire Stáit Dinny McGinley a sheol an fhéile go hoifigiúil ag an gComórtas Treabhdóireachta, Ros Mhic Thriúin, Co Loch Garman, an tseachtain sa caite, áit a raibh stalla ag Údarás na Gaeltachta.

Agus é ag seoladh na féile dúirt an tAire “Tá earnáil an bhia ar an earnáil dhúchasach is mó in Éirinn agus tá sé fíorthábhachtach d'eacnamaíocht na Gaeltachta, áit a bhfuil roinnt de na brandaí bia is mó aitheanta sa tír á dtáirgeadh. Ina measc, tá fiontair idir bheag agus mhór amhail próiseáil éisc agus sliogéisc, táirgeadh smailceanna, déantús subh, bácúis agus déantús seacláidí"

Le súil a choimeád ar dhul chun cinn na féile is féidir breathnú ar leathanach Facebook na féile.

 

© Foilsithe ar Gaelport.com 2 Deireadh Fómhair 2012

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:

An leabhar Cruinnscríobh na Gaeilge le buachan

Feirm Factor thar sáile

Níos mó béime ar scíthléitheoireacht- Comhdháil léitheoireachta

 

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>