Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

I dTreo Logánú Ríomhaireachta Lán-Ghaeilge

$
0
0

Bhí baint lárnach  aige le forbairt na Gaeilge sa teicneolaíocht agus ag deireadh na míosa tabharfaidh an Dr Kevin Scannell, ollamh le matamaitic agus ríomheolaíocht in Ollscoil San Louis, Missouri cuairt ar Bhaile Átha Cliath do léacht ar leith.

Beidh an Dr Scannell ag labhairt ag Engineers Ireland, 22 Bóthar Chluaidh, Baile Átha Cliath ar 31 Deireadh Fómhair ag 7.30pm.

Tá cuid mhór taighde déanta aige ar chúrsaí ríomhtheangeolaíochta i mionteangacha éagsúla agus sa Ghaeilge go háirithe; tá litreoir, gramadóir, agus teasáras leictreonach forbartha aige, agus is é atá i gceannas ar an bhfoireann a chuir Gaeilge ar roinnt bogearraí mór le rá, mar shampla Firefox agus OpenOffice.

Chaith sé an bhliain seo caite mar fhostaí de chuid Twitter, ag iarraidh tacaíocht níos fearr a thabhairt do mhionteangacha ar an ardán sin.
Sa léacht seo, pléifidh Kevin Scannell an dul chun cinn i dtreo córas ríomhaireachta lán-Ghaeilge: córas oibriúcháin, bainisteoir fuinneog, feidhmchláir, ríomhchluichí, uirlisí profála, agus mar sin de.

Cuirfidh sé cás-staidéar áirithe i láthair a thaispeánann cuid de na constaicí a thagann chun cinn san obair seo, agus conas is féidir cúpla smaoineamh an-simplí ón staitistic a úsáid chun na constaicí seo a shárú.

Beidh an léacht le beo-shruthú ar líne agus tá tuilleadh eolais ar fáil anseo.


© Foilsithe ar Gaelport.com 2 Deireadh Fómhair 2012

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:

Bagairt don Ghaeilge sa ré dhigiteach

Spraoi sa Seomra Ranga le Foinse Óg

Áis úr d’fhoghlaimeoirí Gaeilge ar líne

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>