Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Aip ghréasáin nua seolta ag Gaelport.com #Gtuíteanna eile beartaithe ag Gaelport

$
0
0

Tá beartaithe #gtuíteanna breise nó oícheanta sóisialta do lucht na Gaeilge sna meáin shóisialta a reáchtáil ar bonn náisiúnta tar éis rath na hócáide #Gtuít i mBaile Átha Cliath ar 27 Meán Fómhair 2012.

D’fhreastail dhá scór duine ar an gcéad #gtuít a d’eagraigh Gaelport.com sa Culture Box i mBarra an Teampaill. D’éirigh leis an ócáid lucht leantóireachta idirnáisiúnta a bhaint amach ar Twitter.

Le linn na hócáide, nocht cainteoirí Gaeilge in Éirinn a gcuid tuairimí ar fhorbairtí teicneolaíochta agus teicneolaíochtaí teanga lena gcairde thar sáile faoin haischlib #Gtuít ar Twitter.

Seoladh an aip ghréasáin nua de chuid Gaelport.com ag an ócáid chomh maith agus anois beidh teacht ar na sruthanna nuachta go léir ón suíomh ar fhóin chiste de gach saghas.

Níl aon chostas ag baint leis an aip ghréasáin nua agus is féidir leis an bpobal teacht air tríd a mbrabhsálaithe ar www.m.gaelport.com.

“ Anois, tá cúig shruth nuachta ar fáil ar fhóin chliste agus beidh foghlaimeoirí Gaeilge mar aon le cainteoirí líofa in ann tairbhe a bhaint as an aip de bharr go bhfuil sé ar fáil go dátheangach i nGaeilge agus i mBéarla”, dar le Niamh Ní Shúilleabháin, Bainisteoir Cumarsáide le Gaelport.com.

“Ar na seirbhísí a bheidh á gcur ar fáil san aip nua, tá an nuacht is déanaí le Gaelport.com; As na nuachtáin- scéalta ó na meáin náisiúnta agus áitiúla; na folúntais is déanaí ata fógartha in earnáil na Gaeilge; cur síos ar chúrsaí agus ranganna Gaeilge agus nuacht mar gheall ar fhéilte Gaeilge agus imeachtaí Gaeilge in Éirinn agus thar sáile i bhféilire na Gaeilge.

Ciallaíonn sé sin go mbeidh seirbhísí eolais de chuid Gaelport.com ar fáil ar fhóin chliste, an t-ardán is mó a bhfuil borradh faoi i láthair na huaire sna meáin dhigiteacha. Tagann sin leis an taighde Red C ina dtugtar le fios go mbeidh fón cliste ag 71% den daonra roimh dheireadh na bliana 2012.

Ag labhairt ag an #Gtuít dúirt an ceannródaí idirlín, Mícheál Ó Foighil go raibh gá anois le fóram nua ina mbeadh forbairt na Gaeilge sna meáin dhigiteacha agus i réimse na dteicneolaíochtaí teanga curtha chun cinn.

Thug Fiachra Ó Marcaigh, stiúrthóir leis an gcomhlacht comhairleoireachta idirlín AMAS cur síos ar fhorbairtí ar líne agus thug sé suntas do na buntáistí atá ann do mhionteangacha ar Twitter.

Mhol sé an obair atá ar bun ar an suíomh Indigenous Tweets and staitisticí ón suíomh sin a thugann le fios go bhfuil pobal de 4,500 duine a bhíonn i mbun cainte lena chéile trí mheán na Gaeilge ar Twitter. Ceaptar go gcuirfear leis sin nuair a sheolfaidh leagan Gaeilge Twitter go luath.

Deir Niamh Ní Shúilleabháin go bhfuil sé soiléir anois go bhfuil suim ag cainteoirí Gaeilge sna meáin dhigiteacha agus go raibh pobal bríomhar ann ar líne agus go mbeadh Gaelport.com sásta forbairtí sa réimse a chur chun cinn amach anseo.

 

© Foilsithe ar Gaelport.com 2 Deireadh Fómhair 2012


Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:

#Gtuít:Tweetup do phobal na Gaeilge

Bagairt don Ghaeilge sa ré dhigiteach

I dTreo Logánú Ríomhaireachta Lán-Ghaeilge


Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #Gaeilge #GTuít


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>