Táthar ag súil leis na sluaite a mhealladh ar “aistear mistéireach” le linn Fhéile Litríochta Gaeilge IMRAM an mhí seo chugainn nuair a léireofar saibhreas agus éagsúlacht na n-ealaíon Nua-Ghaeilge i mBaile Átha Cliath ó 11-20 Deireadh Fómhair.
Cloisfear scoth na cainte, na filíochta agus an cheoil ar fud na cathrach mar chuid den chlár leathan éagsúil atá leagtha amach don fhéile bhliantúil.
Reáchtálfar gach cineál imeachta le linn na seachtaine idir cheolchoirmeacha, dhrámaí, oícheanta filíochta agus sheoladh leabhair agus déanfar neart plé ar théamaí agus gnéithe éagsúla de dhánta na Nua-Ghaeilge le haíonna speisialta le linn na féile.
Cuirfear tús leis na himeachtaí an Déardaoin, 11 Deireadh Fómhair in UCD áit a dtabharfaidh Máire Ní Neachtain caint ar léacht Mháirtín Uí Chadhain, ‘An é Tobar an Dúchais Tobar an Dóchais?’ agus í ag díriú ar a bhfuil i ndán don Gaeilge sna blianta romhainn.
Maireann tionchar an Chadhnaigh ar lucht na litríochta Gaeilge sa lá atá inniu ann agus leanfar leis an bplé ar mhórscríbhneoirí na Gaeilge agus a dtionchar reatha le linn na seachtaine.
Tabharfar aird ar oidhreacht an dáin ‘Cúirt an Mheán Oíche’, saothar cáiliúil de chuid Brian Merriman ar an Luan, 15 Deireadh Fómhair in Amharclann Helen Roe ar Chearnóg Mhuirfean.
Beidh na haisteoirí Séamus Ó Scanláin agus Fidelma Ní Ghallchobhair ag tabhairt léacht drámata ar an oíche as trí shaothar drámaíochta de chuid Celia De Fréine a bunaíodh ar dhán Merriman.
Beidh oidhreacht Sheáin Uí Ríordáin á plé i bhfoirgneamh Gaelchultúr, Sráid an Chláraigh ar an Aoine, 19 Deireadh Fómhair.
Nochtfar tuairimí na ndaoine seo - Cathal Poirtéir, Louis de Paor agus Caoimhín Mac Giolla Léith - ar thionchar na polaitíochta, na litríochta agus an chultúir ar shaothar an Ríordánaigh.
I ndiaidh sin tarraingeofar aird ar ‘Pábhálaithe an Nua-Phróis’ nuair a cheiliúrfar na mórscríbhneoirí Gaeilge reatha Pádraic Breathnach, Pádraig Ó Siadhail agus Éilis Ní Anluain.
Déantar 70 bliain den iris Comhar a chomóradh i mbliana agus reáchtálfar oíche speisialta in The Grand Social ar an Mháirt, 16 Deireadh Fómhair le ceiliúradh a dhéanamh ar oidhreacht agus rath leanúnach na hirise a mhaireann mar phríomhfhoilseachán na litríochta Gaeilge ón am ar bunaíodh í.
Cloisfear ó Alan Titley a bheas ag caint ar thionchar na hirise agus beidh Tristan Rosenstock, Doireann Ní Bhriain agus Pádraigín Ní Uallacháin i measc na n-aíonna i láthair ar an oíche.
Mar aon leis an litríocht Ghaeilge, cuirtear an-bhéim ar na healaíona Gaeilge ina n-iomláine le linn Fhéile IMRAM agus léireofar tionscadal ealaíne éagsúil spéisiúil in 2012 le Cló Draíochta 2: Taispeántas Clóghrafaíochta, Cathair: suiteáil ilmheánach le Ceaití Ní Bheildiúin agus Ré: Tionscadal
Rince IMRAM agus mar is gnáth, beidh an ceol mar chuid lárnach d’fhéile na bliana seo freisin.
Cloisfear scoth an cheoil le linn na seachtaine idir Mhóroíche Chonallach, oíche cheoil agus filíochta Dhún na nGall a bheas ar siúl i gclub na Múinteoirí ar an Satharn, 13 Deireadh Fómhair agus Mhóroíche Cheoil is Filíochta a reáchtálfar in The Grand Social ar an gCéadaoin, 17 Deireadh Fómhair.
Baileoidh muintir cheol tíre na cathrach le chéile d’imeacht mór na féile, Túr na nAmhrán nuair a thabharfar aghaidh ar cheol Leonard Cohen a bheas á chur ar stáitse trí Ghaeilge ag Liam Ó Maonlaí, David Blake, Hilary Bow agus an Brad Pitt Light Orchestra.
Is iad Gabriel Rosenstock agus Liam Ó Muirthile a chuir “Gaeilge mhaisiúil mhíorúilteach” ar amhráin an Cheanadaigh don tionscadal nuachumtha agus cloisfear dearcadh Gaeilge na saothar in amharclann an Pavilion i nDún Laoghaire ar an Aoine, 12 Deireadh Fómhair.
Tá clár iomlán Fhéile Litríochta Gaeilge IMRAM 2012 ar fáil anseo.
© Foilsithe ar Gaelport.com 2 Deireadh Fómhair 2012
Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:
Níos mó béime ar scíthléitheoireacht- Comhdháil léitheoireachta
Éachtaí móra bainte amach ag Comórtais Liteartha an Oireachtais 2012
An leabhar Cruinnscríobh na Gaeilge le buachan
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #Gaeilge