Tá an baol ann go ndúnfar Teach na Cúirte Doire an Fhéich i gceartlár Ghaeltacht Chonamara. Deirtear gurb í seo an Chúirt Dúiche is mó sa tír ina mbíonn gnó na Cúirte ar siúl trí mheán na Gaeilge ann.
Cuireadh in iúl don fhoireann i dtús na bliana go bhféadfadh oifigí na cúirte agus gnó na cúirte dúiche aistriú go dtí oifig na seirbhíse cúirteanna i gCathair na Gaillimhe.
Tá athstruchtúrú ar bun faoi láthair agus tá an tSeirbhís Chúirteanna ag iarraidh go mbeadh oifig amháin i ngach contae ach tá imní léirithe ag an mBreitheamh Mary Fahy faoin mbagairt atá ann go ndúnfar na cúirteanna agus na hionaid atá ag feidhmiú sa Ghaeltacht atá i ndúiche an Bhreithimh Fahy.
Deir urlabhraí ar son na Seirbhíse Cúirteanna i mBaile Átha Cliath nach raibh aon chinneadh oifigiúil déanta maidir le dúnadh aon chúirte ach go bhfuil Bord Seirbhísí na gCúirteanna ag déanamh athbhreithniú ar gach áit atá ag feidhmiú mar ionad cúirte ar fud na tíre faoi láthair chun a fháil amach an bhfuil siad inmharthana agus ag tabhairt seirbhísí cuí don phobal ar a ndéanann siad freastal.
Tháinig sé chun solais go mbeidh Bord Seirbhísí na gCúirteanna ag plé an ábhair seo ag cruinnithe atá beartaithe don mhí seo, an mhí seo chugainn agus tá súil go mbeidh cinneadh á ghlacadh acu i mí na Nollag.
Ach tá feachtas ar bun sa cheantar agus tá an grúpa ‘Cosaint chearta na Gaeltachta’ agus polaiteoirí áitiúla, Éamon Ó Cuív TD agus an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh tar éis imní a léiriú faoi na himpleachtaí a bheadh ann don Ghaeltacht dá ndúnfaí an oifig.
Tá Oifig Cúirte Dúiche Dhoire an Fhéich lonnaithe i gceartlár Ghaeltacht Chonamara le blianta fada. Bíonn an chúirt ar siúl uair sa mhí agus dhéileáil sí le 607 cás i rith 2010.
Faoi láthair tá Gaeilge fós á húsáid ag na Gardaí, An Breitheamh, An Cléireach, cúpla aturnae agus an pobal ach má athraíonn na hoifigí agus na Cúirteanna go cathair na Gaillimhe, tá baol an-mhór ann nach mbeidh seirbhísí Gaeilge ar fáil do mhuintir na Gaeltachta.
Cuireann an oifig atá lonnaithe ansin seirbhísí éagsúla ar fáil don phobal trí mheán na Gaeilge, seirbhísí amhail ceadúnais gunnaí a íoc, ceadúnais síneadh ama i dtithe tábhairne d’fhéilte éagsúla sa cheantar, liúntais, ceadúnais crannchur d’eagraíochtaí agus do ghrúpaí áitiúla, fíneálacha mar aon le go leor eile.
Bheadh turas suas le hochtú míle isteach agus amach go cathair na Gaillimhe ar dhaoine atá ina gcónaí thiar i gCarna má aistrítear gnó na Cúirte go Cathair na Gaillimhe
Tá beirt ag comhroinnt post in Oifig na Cúirte i nDoire an Fhéich agus suíonn an chúirt uair sa mhí. Freastalaíonn an chúirt ar mhuintir na Gaeltachta ó Cheantar na nOileán agus ceantar Iarras Áithneach.
Suíonn an Chúirt sa Spidéal atá lonnaithe sa leabharlann agus ar caitheadh airgead ar é a athchóiriú agus i gCill Rónáin ar Oileán Árann faoi dhó nó trí huaire sa bhliain ach ní bhíonn an t-éileamh céanna ar sheirbhís trí Ghaeilge i gCúirt an Chlocháin.
© Foilsithe ar Gaelport.com 2 Deireadh Fómhair 2012
Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:
Seirbhís trí Ghaeilge – An Garda Síochána
Triúr ainmnithe ar Bhord nua Údarás na Gaeltachta
I dTreo Logánú Ríomhaireachta Lán-Ghaeilge
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #Gaeilge