Ní chuirfeá milleán ar aon duine a cheap go raibh titim ar líon na gcomhlachtaí poiblí atá ag forbairt seirbhísí trí mheán na Gaeilge le dhá bhliain anuas.
Cé go bhfuil athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla ar siúl ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta faoi láthair, níl ach 8 scéim teanga aontaithe ag an Roinn le comhlachtaí poiblí ó 2011. Aontaíodh 16 scéim teanga sa bhliain 2010 amháin.
Ach, tá trí chomhlacht phoiblí, An Garda Síochána, Comhairle Contae Laoise agus an Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil, ag lorg tuairimí ón bpobal i láthair na huaire maidir leis na seirbhísí a chuireann siad ar fáil trí mheán na Gaeilge dá gcustaiméirí.
An Garda Síochána
Tá An Garda Síochána ag lorg tuairimí ón bpobal maidir lena ndara scéim teanga. D’aontaigh siad a gcéad scéim leis an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta sa bhliain 2009.
Ar na príomhghnéithe ón gcéad scéim tá, go raibh teidlíocht dlí ag daoine gafa lena ngnó a dhéanamh trí Ghaeilge.
Dúradh go gcuirfí seirbhís trí Ghaeilge ar fáil dóibhsean a rinne gearáin agus go gcuirfí lánseirbhís Ghaeilge ar fáil chomh luath agus a bheadh sé praiticiúil tar éis iarratas ar sheirbhís mar í a bheith faighte lasmuigh de cheantair Ghaeltachta.
Léirigh an scéim chomh maith go gcuirfí seirbhís Ghaeilge ar fáil ó gach comhalta a oibríonn sa Ghaeltacht i gcás finnéithe nó daoine eile ag lorg seirbhíse trí Ghaeilge.
Aighneacht
Ní mór don phobal a dtuairimí i leith dhara scéim teanga na nGardaí a chur ar fáil roimh 19 Deireadh Fómhair 2012 trí aighneachtaí a sheoladh go leictreonach chuig dreachtsceim@garda.ie nó tríd an bpost chuig Oifig an Leas-Choimisinéara, Straitéis agus Bainistíocht Athraithe, Ceanncheathrú an Gharda Síochána, Páirc an Fhionnuisce, Baile Átha Cliath 8.
An Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil
Tá an Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil ag lorg aighneachtaí dá tríú scéim teanga. Is léir go bhfuil An tAire Ealaíon, Oidhreacht agus Gaeltachta sásta go bhfuil an Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil ag comhlíonadh a ngealltanas i leith a ndara scéim teanga agus iad anois ag iarraidh orthu a tríú scéim a ullmhú.
Aighneacht
D’aontaigh an Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil a gcéad scéim leis an Aire I 2005 agus a ndara scéim I 2009. Is féidir do thuairim i leith na tríú scéime a chur in iúil trí r-phost a sheoladh chuig strategy@environ.ie nó tríd an bpost ag Aonad Straitéiseach, Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil, Bóthar an Bhaile Nua, Port Láirge.
Comhairle Chontae Laoise
Tá Comhairle Chontae Laoise ag lorg ionchur an phobail i leith na seirbhísí a chuireann siad ar fáil trí Ghaeilge dá gcustaiméirí.
Tá an Chomhairle ag feidhmiú faoina gcéad scéim teanga faoi láthair a aontaíodh i 2009. Is féidir eolas a fháil maidir le ról na Comhairle Contae ag www.laois.ie.
Aighneacht
Ní mór aighneachtaí a bheith faighte ag an gComhairle Contae roimh 19 Deireadh Fómhair trí rphost ag gaeilge@laoiscoco.ie nó sa bpostas ag Roinn Corparáideacha, Comhairle Chontae Laoise, Áras an Chontae, Portlaoise, Co. Laois.
Is cabhair mór do na comhlachtaí poiblí iad na haighneachtaí on bpobal. Is féidir leis na comhaltaí poiblí mianta an phobail i leith na seirbhísí a theastaíonn uatha a mheas ón aschur a fhaigheann siad. Is féidir díriú ar chíbe seirbhís ón gcomhlact poiblí sna haighneachtaí lena n-áirítear
• Cumas Dátheangaigh Reatha an chomhlachta poiblí
• Tairiscint ghníomhach agus cothú éilimh
• Polasaí Earcaíochta agus Socrúcháin an chomhlachta poiblí - Im-fhálú ar phoist
• Rochtain ar cháipéisíocht / foirmeacha iarratais
• Comharthaíocht agus feiceálacht na Gaeilge ar an láthair oibre
• Cruinnithe Poiblí
• Riachtanais teanga sa Ghaeltacht
• Láithreán Gréasáin
• Córas Measúnaithe ar bhaint amach na spriocanna sa scéim
• Monatóireacht agus tuairisciú ar dhul chun cinn
• Poiblíocht ar an Scéim Comhaontaithe.
© Foilsithe ar Gaelport.com 2 Deireadh Fómhair 2012
Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:
Bagairt ar sheirbhísí Gaeilge Cúirte do phobal Gaeltachta
Seirbhís trí Ghaeilge – An Garda Síochána
Triúr ainmnithe ar Bhord nua Údarás na Gaeltachta
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #Gaeilge