Tá comórtas Gearrscéalta Merriman á reáchtáil i gcuimhne ar an údar clúiteach, Maeve Binchy, nach maireann, i mbliana.
Seoladh an comórtas ag Scoil Samhraidh Merriman, áit a d’fhreastalaíodh Binchy go minic chomh maith le tacaíocht leanúnach a thabhairt do Chumann Merriman.
Comórtas dátheangach is ea é, oscailte do scríbhneoirí Éireannacha agus do scríbhneoirí atá ina gcónaí sa tír agus glacfar le gearrscéalta scríofa i mBéarla nó i nGaeilge. Is é 2,500 an t-uasmhéid focal agus bronnfar duais €1,000 ar an mbuaiteoir. Sa bhreis air sin, léifear an gearrscéal ag Féile na gClub Leabhar in Inis i mí Márta na bliana seo chugainn agus foilseofar san Irish Times é.
Foilsíodh na treoirlínte le déanaí agus tá fáil orthu ar www.merriman.ie. Is é 31 Deireadh Fómhair 2012 an spriocdháta le haghaidh iarratas.
© Foilsithe ar Gaelport.com 8 Deireadh Fómhair 2012
Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:
An phríomhchathair le cur faoi dhraíocht na litríochta ag Féile IMRAM 2012
Tábhacht na hOibre Óige le plé ag an Athair Mícheál Mac Gréil
Níos mó béime ar scíthléitheoireacht- Comhdháil léitheoireachta
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #Gaeilge