D’fhógair an tAire Stáit Dinny Mc Ginley deontas os cionn €54,000 inniu d’Aeradróm Inis Oírr i nGaillimh.
Ceadaíodh an deontas le cúrsaí sláinte agus sábháilteachta a chur chun cinn agus go príomha chun athchóiriú a dhéanamh ar an Aeradróm.
Is é seo an dara deontas atá fógartha ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ó thús mhí Dheireadh Fómhair. Fógraíodh deontas €6,250 an tseachtain seo caite i dtaobh cúrsaí athchóirithe i Naíonra Bhéal a’Mhuirthead a chur i bhfeabhas.
Ag fógairt an deontais is déanaí dúirt an tAire Stáit “Táim sásta go raibh na hacmhainní ag mo Roinn an cúnamh seo a chur ar fáil i leith an aeradróim seo. Caithfear, i gcónaí, ceist sláinte agus sábháilteachta bheith chun cinn i gcúrsaí seirbhísí aeir,” a dúirt an tAire Stáit.
©Foilsithe ar Gaelport.com 9 Deireadh Fómhair 2012
Seans go mbeidh speis agat sna scéalta a leanas:
Bagairt ar sheirbhísí Gaeilge Cúirte do phobal Gaeltachta
Comharthaíocht Bhéarla sa Ghaeltacht
As na Nuachtáin: Gaelscoil welcomes green light for building
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge #Gaeltacht