Beidh Féile dhátheangach an Fhómhair ag tosú an tseachtain seo i gCeatharlach,
agus í á heagrú ag Glór Ceatharlach idir 11-18 Deireadh Fómhair 2012. Is féile bhliantúil í seo agus cuirfear tús léi ar ‘Lá Náisiúnta na gCrann’. Beidh clár lán d’imeachtaí dátheangacha do gach éinne idir dhaoine óga agus dhaoine fásta ar fáil. I measc na n-imeachtaí atá beartaithe don Fhéile tá: ceol; sean-nós; scannáin; drámaíocht; puipéadóireacht; scéalaíocht; amhránaíocht; ceardlanna ealaíne; taispeántais agus siúlóidí. Mairfidh an Fhéile thar ocht lá agus is cinnte go mbeidh rud ann do gach duine.
Is féidir teacht ar chóip den chlár anseo nó eolas a fháil ó Glór Ceatharlach, Sráid an Choláiste, Ceatharlach ar 085 1340047, 0872857048 nó ríomhphost a sheoladh chuig emma@glorcheatharlach.ie.
©Foilsithe ar Gaelport.com 9 Deireadh Fómhair 2012
Seans go mbeidh speis agat sna scéalta a leanas:
An phríomhchathair le cur faoi dhraíocht na litríochta ag Féile IMRAM 2012
Comórtas Gearrscéalta Merriman
Tábhacht na hOibre Óige le plé ag an Athair Mícheál Mac Gréil
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #Gaeilge