Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Ollchruinniú na gCumann Gaelach 2012

$
0
0

Baileoidh níos mó ná céad mac léinn ó cheann ceann na tíre le haghaidh Ollchruinniú na gCumann Gaelach an deireadh seachtaine seo, 12-13 Deireadh Fómhair 2012, i mBaile Átha Cliath.

Is é seo an séú bliain don ollchruinniú a bheith á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge, Aontas na Mac Léinn in Éirinn agus Glór na nGael agus is deis fíor-luachmhar do chumainn ghaelacha ar fad na tíre oiliúint a chur ar choistí i leith stiúradh agus rathúlacht a gcuid imeachtaí féin. 

"Is mór an dul chun cinn atá feicthe againn ar an obair stocaireachta, ar na feachtais náisiúnta agus ar na himeachtaí Gaeilge sna hinstitiúidí éagsúla tríú leibhéal le blianta beaga anuas mar thoradh ar an traenáil” a dúirt Aodhán Ó Deá, Comhairleoir na Mac Léinn.

Cuirfear tús leis an ollchruinniú Dé hAoine, 12 Deireadh Fómhair le seisiún eolais agus aithne d’ionadaithe ó Chumainn Ghaelacha ag an GMB, Coláiste na Trionóide, Baile Átha Cliath ag 6.30in ina mbeidh aoichainteoir ag tabhairt óráide ar na buntáistí a leagann an Ghaeilge amach do mhic léinn. Bogfar ar aghaidh ina dhiaidh sin go Club an Chonartha áit a mbeidh Club RíRá le Raidió RíRá ar siúl ar feadh na hoíche.

Beidh ceardlanna saineolais ar siúl Dé Satharn 13 Deireadh Fómhair ag 6 Sráid Fhearchair, BÁC 2, le hiar-rúnaí, iar-chathaoirleach agus le hiar-chisteoir ar choistí ag tabhairt cuntais agus comhairle ar na poist mar aon le seisiúin eolais ar chúrsaí poiblíochta, ar chearta teanga, ar chomórtas tríú leibhéal agus ar aistriú teanga.  Beidh comhairle á thabhairt chomh maith ar na bealaí is rathúla imeachtaí Gaeilge, Seachtain na Gaeilge agus feachtais Ghaeilge a chur i bhfeidhm sna coláistí ar fud na tíre. Beidh lón saor in aisce ar fáil ar an lá agus mar cheiliúradh ar an deireadh seachtaine, beidh bearbaiciú ar siúl tráthnóna Dé Sathairn san ionad céanna. Tá clár iomlán na n-imeachtaí ar fáil anseo.

Cuirfear lóistín ar fáil do mhic léinn ag taisteal go Baile Átha Cliath ach ní mór clárú don traenáil faoi 9 Deireadh Fómhair le hAodhán Ó Deá, aodhan@cnag.ie, toisc nach bhfuil ach líon áirithe spásanna ar fáil.

 

© Foilsithe ar Gaelport.com 9 Deireadh Fómhair 2012


Seans go mbeidh speis agat sna scéalta a leanas
:

Féile an Fhómhair

Comórtas Gearrscéalta Merriman

Tábhacht na hOibre Óige le plé ag an Athair Mícheál Mac Gréil

 

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945