Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Nuáil i gcúrsaí teangeolaíochta molta ag an Séala Eorpach Teanga

$
0
0

Bronnadh an Séala Eorpach Teanga ar cheithre thogra Éireannacha Dé hAoine seo caite, 5 Deireadh Fómhair ag ócáid speisialta a reáchtáladh mar cheiliúradh ar Lá Eorpach na dTeangacha.  

Reáchtáiltear an Séala Eorpach i 20 tír Eorpach ag an am céanna go bliantúil agus eagraítear an searmanas speisialta le haitheantas a thabhairt do ghníomhairí teanga i ngach réimse sa saol.  Bronntar an duais ar eagraíochtaí ag a bhfuil modhanna nuálacha teagaisc agus foghlaim teangacha cruthaithe acu, agus tarraingítear aird freisin ar an gcaoi go bhféadfaí na modhanna a chur i bhfeidhm i ngach gné den teangeolaíocht idir fhoghlaim agus chothú cearta teanga.  
 
Reáchtáladh an searmanas in Institiúid Oideachais Marino agus ba é an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin a bhronn na gradaim ar na tionscadail a leanas:

  • Cúrsaí Cleachtadh Dlí as Gaeilge, Roinn an Oideachais, Dlí-Chumann na hÉireann
  • Club Lingo, Institiúid Teangeolaíochta Leitir Ceanainn
  • ExamSpeak, Asimil8 Ltd T/A RendezVu, Nova UCD
  • Scéim Léitheoireachta is Blagála na Pobalscoile, Pobalscoil Chorca Dhuibhne  

Moladh nuálaíocht na dtograí ag searmanas na seachtaine seo caite agus pléadh an tábhacht agus an t-ábharthacht a bhaineann leo i láthair na h-uaire.  Dúirt Muireann Ní Mhóráin, Cathaoirleach ar Ghiúiré Náisiúnta na hÉireann “Tá sé le tabhairt faoi deara go bhfuil áit lárnach ag úsáid na teicneolaíochta agus na meán sóisialta sna tionscadail bhuacacha, rud a léiríonn an forás leanúnach teicneolaíoch atá ag baint le teagasc agus le foghlaim teangacha sa lá atá inniu ann”.
 
Mar aon leis an Séala Eorpach a bronnadh ar na heagraíochtaí, bronnadh Duais Ambasadóirí Teanga na Bliana 2012 ag an searmanas.  Bronntar an Duais Ambasadóirí Teanga ar dhaoine aonaracha ag a bhfuil buanna ar leith bainte amach acu i gcothú na foghlama teanga, idir thaighde, mhúineadh agus scríbhneoireacht.  I mbliana tugadh aitheantas don chúigear ‘gnóthachtálaithe’ a leanas: Dermot Campbell, Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, a d’fhorbair  an Chreatlach Idirghníomhach Dhialógach; Benny Lewis, cruthaitheoir www.fluentin3months.com; An Dr Fionnuala Kennedy, Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge; Siobhain Grogan, údar ‘Cén t-am é?’ agus ‘Caoimhe agus an Bogha Báistí agus Tomasz Bastkowski, príomhoide scoil Pholannaigh a reáchtáiltear ag an deireadh seachtaine.
 
Mhol an Coimisinéir Teanga obair agus nuálaíocht na mbronntaithe ag an searmanas agus thug sé moltaí dá chuid féin le linn a chainte maidir le teangacha a chur chun cinn, “Mholfainn trí bhunphrionsabal atá tábhachtach agus ba chóir a bheith mar bhonn lenár ndearcadh ar theangacha – feasacht teanga a chruthú, éagsúlacht teanga a spreagadh agus cearta teanga a chothú. Leis an gcur chuige iolraíoch sin chruthófaí áit agus spás do na teangacha uile le béim ar leith sa tír seo ar ár dteanga náisiúnta féin”.  

©Foilsithe ar Gaelport.com - 10 Deireadh Fómhair 2012

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Bagairt don Ghaeilge sa ré dhigiteach

Gaelport.com mar urraitheoir ag Gradaim Idirlín na hÉireann 2012

As na Nuachtáin: A new era for culture as Gaeilge

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge #teangacha


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>