Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Moltaí ón bPobal á lorg maidir le horduithe logainmeacha

$
0
0

Beidh an Coimisiún Logainmneacha ag cur comhairle ar an Aire Stáit, Donnchadh Mac Fhionnlaoich maidir le horduithe logainmneacha a dhéanamh le leasuithe a chur i bhfeidhm ar logainmeacha oifigiúla Gaeilge i gCo. na Gaillimhe, i gCo. Liatroma agus i gCo. Longfoirt.

Tá an Coimisiún ag lorg moltaí ón bpobal maidir leis na horduithe atá molta sara gcuirtear an comhairle ar an Aire Stáit. Is féidir teacht ar dhréachtorduithe ar shuíomh idirlín Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus ó Bhunachar Logainmneacha na hÉireann.

Tabharfar deis don phobal na dréachtorduithe a scrúdú agus ba cheart moltaí ar bith a sheoladh i bhfoirm aighneachtaí chuig an mBrainse Logainmneacha, 43-49 Bóthar Mespil, Baile Átha Cliath 4 nó chuig logainmneacha@ahg.gov.ie roimh 7 Nollaig 2012. Déanfar scagadh agus scúdú ar na haighneachtaí sara gcuirfear faoi bhráid an Aire iad.

 

© Foilsithe ar Gaelport.com - 15 Deireadh Fómhair 2012

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Nuáil i gcúrsaí teangeolaíochta molta ag an Séala Eorpach Teanga

Breis agus €54,000 ceadaithe ag an Roinn Gaeltachta d’Aeradróm Inis Oírr

Bagairt ar sheirbhísí Gaeilge Cúirte do phobal Gaeltachta

 

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>