Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

An Béarla chun cinn i scoileanna Gaeltachta?

$
0
0

Tá neart plé cruthaithe ag ábhar ailt de chuid Mháire Uí Fhinneadha a foilsíodh in iris Comhar an mhí seo caite.

Conair na nDriseacha is ea teideal an ailt ina ndéanann an múinteoir meánscoile plé ar chaighdeán agus ar stádas Gaeilge na gcainteoirí dúchasacha i scoileanna Gaeltachta agus go háirithe an choimhlint atá ann, dar léi, idir riachtanais na ndaltaí scoile i leith na Gaeilge agus easpa cumais nó modh múinte.

Dar le Ní Fhinneadha, ní hamháin nach bhfuil forbairt á dhéanamh ar Ghaeilge na gcainteoirí dúchasacha nuair a shroichtear aois scoile ach déanann an córas reatha Gaeilge na bpáistí a chreimeadh.

De réir an ailt, i bpobail láidre Ghaeltachta ina bhfuil 80% ina gcainteoirí dúchasacha, ní bhíonn ach 24% d’aos óg na bpobal sin ag comhrá as Gaeilge lena gcomhaoisigh. Anuas air sin, as an 41% den phobal a labhair Gaeilge lena gcomhaoisigh sna naíonáin, ní raibh sé mar nós ach ag 24% a leithéid a dhéanamh faoin am gur shroicheadar rang 6. “Caitheann múinteoirí Gaeltachta a gcuid fuinnimh agus a gcuid ama ag múineadh Gaeilge do na Béarlóirí” a deir Ní Fheinneadha agus is cosúil go n-aontaíonn na heagrais oideachais Ghaeltachta le buntuairim an ailt.

Pléadh an t-ábhar ar chlár raidió Iris Aniar an tseachtain seo caite inar luaigh Muireann Ní Mhóráin, Príomhfheidhmeannach COGG (an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta) nach bhfuil áis traenála sa tír a chuireann oiliúint iomlán ar mhúinteoirí bunscoile trí mheán na Gaeilge agus leis sin, níl múinteoirí nach bhfuil ina gcainteoirí dúchasacha in ann freastal ar riachtanais teanga na ndaltaí ag a bhfuil an Ghaeilge mar chéad teanga.

Glactar leis gur fadhb ollmhór é easpa oiliúna na múinteoirí agus gur míbhuntáiste do chainteoirí dúchasacha é, idir Ghaeilge labhartha agus shaibhreas teanga, a bheith i measc daltaí gan Ghaeilge má dhírítear ar easpa Gaeilge na ndaltaí sin le linn an lae scoile. Ach tá iarrachtaí á ndéanamh ar staid na Gaeilge sna scoileanna Gaeltachta a fheabhsú. Cheadaigh an Roinn Gaeltachta €762,378 i mí Mheán Fómhair le haghaidh Scéim na gCúntóirí Teanga sa Ghaeltacht don scoilbhliain 2012/13, €150,000 sa bhreis ar dheontas na bliana seo caite.

Is iad Muintearas agus Oidhreacht Chorca Dhuibhne a sholáthraíonn seirbhís na gcúntóirí teanga agus mar fhorbairt ar an tseirbhís reatha, táthar ag súil le béim a chur ar shaibhreas teanga na ndaltaí as seo amach. Anuas air sin, roghnaíodh trí scoil le déanaí a bheidh mar chuid de scéim phíolótach ina mbeidh scéim teanga á cur i bhfeidhm sa chlós scoile, ag díriú ar Ghaeilge labhartha na ndaltaí i measc a chéile a chur i bhfeabhas.

Aithnítear ról an tumoideachais i leith dhul chun cinn na Gaeilge freisin agus cé go nglactar leis go bhfuil an tumoideachas ag feidhmiú go héifeachtach sna Gaelscoileanna ach dar le Muireann Ní Mhóráin, níl an bhéim chéanna air sna scoileanna Gaeltachta toisc go gcaithfear freastal ar lucht an Bhéarla, rud nár cheart a bheith faoi chúram na scoile. “Níl freagracht ar scoil freastal ar gach páiste, tá freagracht ar an gcóras” a dúirt sí. Agus is léir gur ar an gcóras a chuirtear an locht.

Ní chuireann an Rialtas oiliúint oiriúnach ar mhúinteoirí Gaeltachta agus anuas air sin, níl polasaí ann maidir le stádas na Gaeilge i nGaelscoileanna ná i scoileanna Gaeltachta. Níl polasaí fiú ó thaobh an tumoideachais ag an Roinn agus dar le Treasa Ní Mhainnín, Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta, tá ESG ag impí ar an Roinn glacadh leis an tumoideachas mar pholasaí Stáit le blianta anuas. De réir thaithí ESG i leith chur i bhfeidhm an tumoideachais, glacann sé neart ama ar roinnt scoileanna glacadh leis an modh múinte agus is cosúil go bhfuil baint ar leith ag easpa pholasaí an Stáit ar an ábhar leis an moill. “Bíonn na scoileanna féin ag lorg soiléiriú maidir le seasamh na Roinne Oideachais ar an ábhar seo”, a dúirt Treasa Ní Mhainnín le linn an phlé ar Iris Aniar an tseachtain seo caite. Dar léi tá dréacht-teimpléad an-chuimsitheach curtha le chéile ag ESG mar thoradh ar sheisiúin eolais agus ceardlanna a reáchtáladh i dtaobh an tumoideachais agus go mbeidh sé á sheoladh chuig na scoileanna sna míonna romhainn.

Ach dar le Máire Ní Fheinneadha níl ann ach réiteach amháin ar fhadhb phráinneach na Gaeltachta. Mar a deir sí san alt as a dtáinig an plé ar fad: ‘Caithfear dún daingean a dhéanamh de gach scoil Ghaeltachta. Níor cheart gur seomra dátheangach é aon seomra ranga Gaeltachta. Caithfear díriú go sainiúil ar na cainteoirí dúchais’.

 

© Foilsithe ar Gaelport.com - 16 Deireadh Fómhair 2012

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Nuáil i gcúrsaí teangeolaíochta molta ag an Séala Eorpach Teanga

Tábhacht na hOibre Óige le plé ag an Athair Mícheál Mac Gréil

Moltaí ón bPobal á lorg maidir le horduithe logainmeacha

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>