Cuireadh tús le feachtas ar líne le déanaí ar mhaithe le brú a chur ar an ollmhargadh idirnáisiúnta Tesco guthú Gaeilge a chur ar fáil ar na cuntair féinseirbhíse.
Is é an grúpa ‘Úsáidim Facebook as Gaeilge’ ar Facebook a chur tús leis an bhfeachtas agus is féidir teacht ar litir réamh-ullmhaithe ar an leathanach féin le seoladh chuig an gcomhlacht chun iarratas a chur isteach don tseirbhís. Ionad teagmhála is ea ‘Úsáidim Facebook as Gaeilge’ do dhaoine ar mhian leo úsáid a bhaint as socruithe Gaeilge agus iad ag úsáid na meáin shóisialta agus chomh maith leis sin, cuireann an t-ionad feachtais éagsúla i bhfeidhm i dtaobh cearta teanga le caighdeán na comharthaíochta in Éirinn a fheabhsú.
Sa bhliain 2008 thosaigh Tesco ag cur guthú na gcuntar féinseirbhíse ar fáil trí mheán na Breatnaise de bharr éileamh mór i measc phobal na Breatnaise sa Bhreatain Bheag. Tá rogha Ghaeilge ar fáil faoi láthair ar sheirbhísí uathmheaisín bainc de chuid Bhanc na hÉireann agus ar mheaisíní ticéad de chuid LUAS agus is cinnte go bhfuil fíor-éileamh ar ghuthú Gaeilge mar rogha ar sheirbhísí poiblí eile. Táthar ag súil go gcuirfidh an guthú Gaelach le feiceálacht agus le stádas na Gaeilge amach anseo má éiríonn leis an bhfeachtas.
© Foilsithe ar Gaelport.com 16 Deireadh Fómhair 2012
Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:
I dTreo Logánú Ríomhaireachta Lán-Ghaeilge
Bagairt ar sheirbhísí Gaeilge Cúirte do phobal Gaeltachta
Seirbhís trí Ghaeilge – An Garda Síochána
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #Gaeilge