Tá trí chomhlacht phoiblí ag lorg ionchur an phobail ar na seirbhísí trí Ghaeilge a chuireann siad ar fáil.
Tá sé i gceist ag An Garda Síochána agus Údarás Áitiúil Chontae Laoise a ndara scéim a dhréachtú agus tá An Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil ag ullmhú a tríú scéim de réir Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.Is é bunchuspóir an Achta ná a chinntiú go mbeadh fáil níos mó ar sheirbhísí poiblí trí Ghaeilge agus go mbeidís ar chaighdeán níos airde. Tugann na scéimeanna gealltanais reachtúla i leith na socruithe faoina bhforbraíonn comhlachtaí poiblí a gcuid seirbhísí trí mheán na Gaeilge ar bhealach céimnithe. Ní mór aighneachtaí a bheith faighte ag na trí chomhlacht phoiblí roimh an Aoine 19 Deireadh Fómhair 2012.
An Garda Síochána
Leagann scéim teanga na nGardaí na céimeanna atá glactha chun seirbhís a chur ar fáil sa dá theanga oifigiúla go dtí seo. Is féidir do mholtaí i leith na seirbhísí a chuireann na Gardaí ar fáil don phobal a dhéanamh trí aighneacht a chur go leictreonach chuig dreachtsceim@garda.ie.
Ina ionad sin is féidir do thuairim a chur sa phost chuig:
Oifig an Leas-Choimisinéara,
Straitéis agus Bainistíocht Athraithe,
Ceanncheathrú an Gharda Síochána,
Páirc an Fhionnuisce,
Baile Átha Cliath 8.
Údarás Áitiúla Chontae Laoise
Tá Údarás Áitiúil Chontae Laoise ag lorg aighneachtaí dá ndara scéim teanga. Ní mór do mholtaí a chur chuig an Údarás go leictreonach ag gaeilge@laoiscoco.ie.
Ina ionad sin is féidir iad a sheoladh tríd an bpost chuig:
Roinn Chorparáideach,
Comhairle Contae Laoise,
Áras an Chontae,
Port Laoise,
Co. Laoise.
Is féidir scéim teanga Údarás Áitiúil Chontae Laoise a fháil anseo.
An Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil
Tá An Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil ag ullmhú a tríú scéim teanga. Is féidir aighneachtaí a chur chuig an Roinn i bhfoirm leictreonach chuig strategy@environ.ie
Ina ionad sin is féidir iad a sheoladh chuig :
Rannóg Straitéise na Roinne
An Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil
Bóthar an Bhaile Nua
Loch Garman
Tá scéimeanna teanga na Roinne le fáil ag na naisc a leanas: Scéim 1 (2005-2008) Scéim 2 – (2009 – 2012)
Aighneachtaí
Ba chóir nach rachadh na haighneachtaí sin thar 4,000 focal (c. 8 leathanach). Is féidir díriú ar na ceannteidil a leanas agus tú ag ullmhú aighneachtaí do na comhlachtaí poiblí. Is cabhair mhór do na comhlachtaí poiblí iad na haighneachtaí ón bpobal. Is féidir leis na comhaltaí poiblí mianta an phobail i leith na seirbhísí a theastaíonn uatha a mheas ón eolas a fhaigheann siad. Is féidir díriú ar cíbe seirbhís ón gcomhlacht poiblí sna haighneachtaí lena n-áirítear
• Cumas Dátheangaigh Reatha an chomhlachta phoiblí
• Tairiscint ghníomhach agus cothú éilimh
• Polasaí Earcaíochta agus Socrúcháin an chomhlachta phoiblí – Poist a chur ar leataobh
• Rochtain ar cháipéisíocht / foirmeacha iarratais
• Comharthaíocht agus feiceálacht na Gaeilge ar an láthair oibre
• Cruinnithe Poiblí
• Riachtanais teanga sa Ghaeltacht
• Láithreán Gréasáin
• Córas Measúnaithe ar bhaint amach na spriocanna sa scéim
• Monatóireacht agus tuairisciú ar dhul chun cinn
• Poiblíocht ar an Scéim Chomhaontaithe.
© Foilsithe ar Gaelport.com 16 Deireadh Fómhair 2012
Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:
Guthú Gaeilge ar sheirbhísí Tesco á lorg ag pobal na Gaeilge ar Facebook
Seirbhís trí Ghaeilge – An Garda Síochána
I dTreo Logánú Ríomhaireachta Lán-Ghaeilge
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #Gaeilge