Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Fás agus Forbairt – Comhdháil d’ealaíontóirí le Gaeilge

$
0
0

Tá Amharlann Axis i mBaile Munna ag síneadh na tréimhse agus cuireadh oscailte amach chuig ealaíontóirí le Gaeilge freastal ar Chomhdháil dhátheangach ina mbeidh An Ghaeilge agus Cleachtadh Ealaíon Comhaimseartha faoi chaibidil.

An aidhm atá ag an gComhdháil ná fás agus forbairt a dhéanamh ar smaointí úra, nuálacha agus go dtiocfaidh ealaíontóirí ilmheáin, léiritheoirí agus láithreoirí le chéile ar mhaithe lena gcruthaitheacht féin a roinnt.
 
Tabharfaidh an damhsóir clúiteach, Fearghus Ó Conchúir taispeántas damhsa comhaimseartha agus beidh idir cheardlanna agus taispeántais ilmheáin eile ar siúl i rith an dá lá, 18 (12pm  - 8pm) – 19 (10am – 4pm) Deireadh Fómhair 2012.
 
Tabharfar deis ag deireadh na comhdhála d’ealaíontóirí cur isteach ar Dhuais-sparánacht Chruthaitheachta d’Ealaíontóirí. Is ar mhaithe le comhoibriú a bheidh an duais-sparánacht á thairiscint d’ealaíontóirí agus chun go mbeidh na hacmhainní ar fáil le saothar úr dátheangach nó Gaeilge a fhorbairt.
 
Tá an chomhdháil á reáchtáil mar chuid d’fhéile Borradh Buan san Amharclann Axis i mBaile Munna, a bheidh ar siúl idir 15 agus 27 Deireadh Fómhair. Ní ghearrfar costas ar bith ar an ócáid ach ní mór ríomhphost a chur chuig Paula Melvin ag borradh.buan@axisballymun.ie le háit a chur in áirithe.

©Foilsithe ar Gaelport.com - 16 Deireadh Fómhair 2012

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

As na Nuachtáin: A new era for culture as Gaeilge

Réamhamharc ar Oireachtas na Samhna 2012

Leabhar gleoite do phaistí le buachan

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>