Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Borradh Buan san Axis 2012

$
0
0

Don naoú bliain as a chéile reáchtálfar an fhéile Ghaeilge agus dhátheangach ‘Borradh Buan’, in amharclann an Asix i mBaile Munna.

Reáchtálfar imeachtaí na féile idir 15 agus 27 Deireadh Fómhair 2012.  Tá fás mór tagtha ar an bhféile seo i mbliana le breis imeachtaí idir cheol beo, dhamhsa, amharclannaíocht, phuipéadóireacht, scéalaíocht agus neart eile do gach duine idir óg agus aosta. Ar cheann de na bhuaicphointí atá luaite ar chlár na féile, tá seisiún ceol speisialta  ‘Briseann an Dúchas’ le Ray Yeates agus a mhac, Macdara. Beidh sé seo ar súil ar an 16 Deireadh Fómhair. Dírithe ar dhaoine óga beidh dráma ‘Salomé’ le Cathal Ó Searcaigh ar siúl ar an 23 Deireadh Fómhair.  Beidh ‘Kiddi Craic’ ar siúl le haghaidh paistí óga ar 15 Deireadh Fómhair, áit a ndíreofar ar an gceol agus ar an rince do pháistí agus do naíonáin.   Don aoisghrúpa 3-6 bliana beidh ‘Spraoi’ le Branar ar siúl, drámaíocht as Gaeilge agus as Catalóinis ar an 17 Deireadh Fómhair.

Ar an 26 Deireadh Fómhair beidh oíche filíochta agus gearrdhrámaí le Samuel Beckett ‘Ag Taibhreamh ar an nGrá’ ar siúl agus iad seo aistrithe go Gaeilge ag Gabriel Rosenstock. Beidh Geraldine Plunkett, Peadar Lamb agus Marcus Lamb ag aisteoireacht ann sa ghearrdráma seo. Beidh ceoldráma bunaithe ar an seanscéal Clann Tuireann atá scríofa ag David Sheehan agus Aideen Mc Bride curtha i láthair mar cheoldráma le ceoltóirí agus le hamhránaithe ó gach cearn den tír. Beidh an ceoldráma seo atá oiriúnach don chlann ar fad ar siúl oíche Shathairn an 27 Deireadh Fómhair. “Le Linn na bliana gach bliain tá Axis tiomnaithe d’fhorbairt agus láithreoireacht de shaothair nua, i nGaeilge agus go dátheangach le haghaidh lucht féachana ag gach uile aois”, a deir Niamh Ní Chonchubhair,  Clárbhainisteoir Axis.

Tá tuilleadh eolais ar fáil anseo nó ó Amharclann an Axis, Baile Munna 01 8832100

Facebook https://www.facebook.com/axisballymun
Twitter: @axisBallymun @BurradhBuan


© Foilsithe ar Gaelport.com 16 Deireadh Fómhair 2012

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:

Réamhamharc ar Oireachtas na Samhna 2012

An phríomhchathair le cur faoi dhraíocht na litríochta ag Féile IMRAM 2012

Comórtas Gearrscéalta Merriman



Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>