Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

An Tionól Teagaisc

$
0
0

Tá an dara tionól teagaisc á reáchtáil ag an tSeirbhís Tacaíochta Dara Leibhéal don Ghaeilge in Ollscoil na hÉireann Gaillimh, ar an 9-10 Mí na Samhna 2012.

Is é téama an Tionóil ná ‘An Chumarsáid sa Ghaeilge; Guthanna ón seomra ranga’.

Beidh an Tionól oscailte go hoifigiúil san Óstán Ardilaun tráthnóna Aoine agus leanfaidh sé ar aghaidh maidin Sathairn in Ollscoil na hÉireann Gaillimh.  D’fhreastail  440 múinteoir ar an Tionól  anuraidh agus tá súil go mbeidh éileamh níos mó ann i mbliana.  Arís, beidh réimse leathan ceardlann phraiticiúil ar siúl, beidh siad curtha i láthair ag Múinteoirí  Gaeilge agus ag saineolaithe eile.  Beidh sé dírithe ar straitéisí agus ar chur chúigí a chothaíonn le labhairt na Gaeilge.

Beidh saineolaithe éagsúla ag cur i láthair ar an Satharn agus beidh deis iontach casadh le múinteoirí agus bhur tuairimí a mhalartú. Is féidir clár an tSathairn a fháil anseo

Tuilleadh eolais: oifig@muinteoirgaeilge.ie

Beidh Comhdháil Oideachais GAELSCOILEANNA TEO. agus Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta Teo. ar siúl in óstán an Ardilaun i nGaillimh ar an 23 Samhain 2012.  Tuilleadh eolais: www.gaelscoileanna.ie/comhdhail

©Foilsithe ar Gaelport.com - 16 Deireadh Fómhair 2012

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

As na Nuachtáin: Parents to be surveyed on school patronage

Leabhar gleoite do phaistí le buachan

An Béarla chun cinn i scoileanna Gaeltachta?

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge #AnGhaelscolaíocht


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>