Tá an dara tionól teagaisc á reáchtáil ag an tSeirbhís Tacaíochta Dara Leibhéal don Ghaeilge in Ollscoil na hÉireann Gaillimh, ar an 9-10 Mí na Samhna 2012.
Is é téama an Tionóil ná ‘An Chumarsáid sa Ghaeilge; Guthanna ón seomra ranga’.
Beidh an Tionól oscailte go hoifigiúil san Óstán Ardilaun tráthnóna Aoine agus leanfaidh sé ar aghaidh maidin Sathairn in Ollscoil na hÉireann Gaillimh. D’fhreastail 440 múinteoir ar an Tionól anuraidh agus tá súil go mbeidh éileamh níos mó ann i mbliana. Arís, beidh réimse leathan ceardlann phraiticiúil ar siúl, beidh siad curtha i láthair ag Múinteoirí Gaeilge agus ag saineolaithe eile. Beidh sé dírithe ar straitéisí agus ar chur chúigí a chothaíonn le labhairt na Gaeilge.
Beidh saineolaithe éagsúla ag cur i láthair ar an Satharn agus beidh deis iontach casadh le múinteoirí agus bhur tuairimí a mhalartú. Is féidir clár an tSathairn a fháil anseo
Tuilleadh eolais: oifig@muinteoirgaeilge.ie
Beidh Comhdháil Oideachais GAELSCOILEANNA TEO. agus Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta Teo. ar siúl in óstán an Ardilaun i nGaillimh ar an 23 Samhain 2012. Tuilleadh eolais: www.gaelscoileanna.ie/comhdhail
©Foilsithe ar Gaelport.com - 16 Deireadh Fómhair 2012
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
As na Nuachtáin: Parents to be surveyed on school patronage
Leabhar gleoite do phaistí le buachan
An Béarla chun cinn i scoileanna Gaeltachta?
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge #AnGhaelscolaíocht