Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Clann Cheolmhar McCarthy sa Clé Club

$
0
0
Beidh clann cheolmhar na McCarthys as Co. an Chláir i mbun coirme ag an Clé Club, Stag's Head, 1 Cúirt an Dáma, in aice le Sr. Sheoirse Theas, Baile Átha Cliath 2, ar an gCéadaoin, 24 Deireadh Fómhair ag 9i.n.

Tá cáil orthu mar cheoltóirí aonair agus mar mhúinteoirí ag féilte agus ceardlanna ar fud na tíre, is iad sin Jacqueline (consairtín), Marion (píb uilleann/feadóg), Bernadette (fidil/pianó) agus Tommy (fidil). Ach is mar ghrúpa clainne a tháinig siad i láthair an phobail ar dtús in éindí lena n-athair Tommy McCarthy (nach maireann) agus iad ina gcónaí i Londain tráth ar sheinn siad san Royal Albert Hall.

Sheinneadh siad i measc ceoltóirí clúiteacha eile a bhíodh isteach is amach sa teach acu i Londain ar nós Bobby Casey, Máirtín Byrnes, Roger Sherlock agus Raymond Roland. Seinneann siad i stíl iarthar an Chláir.

D'fhill an chlann ar fad ar Éireann sna nóchaidí. Rinne TG4 clár álainn fúthu dar teideal 'Handing Down the Tunes' a craoladh i 2008.
Tá sároíche geallta. Costas €5 ar an doras.

 

© Foilsithe ar Gaelport.com - 19 Deireadh Fómhair 2012

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Fás agus Forbairt – Comhdháil d’ealaíontóirí le Gaeilge

Borradh Buan san Axis 2012

Réamhamharc ar Oireachtas na Samhna 2012

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>