Reáchtálfar an dara Tionól Teagaisc i mbliana san fhoirgneamh Ealaíon/Eolaíochta in Ollscoil na hÉireann Gaillimh ar an Satharn, 10 Samhna 2012.
Leis an téama An Chumarsáid sa Ghaeilge: guthanna ón seomra ranga i mbliana, díreofar ach go háirithe ar straitéisí agus ar chur chuigí a chothaíonn labhairt na Gaeilge.
Ag cúig a chlog ar an Aoine in óstán Ardoileáin i nGaillimh osclóidh an t-Ollamh Gearóid Denver Tionól Teagaisc na bliana seo go hoifigiúil le linn dhinnéar na comhdhála. Tabharfaidh Dónall Mac Diarmada ó Choimisiún na Scrúduithe Stáit aiseolas faoi scrúdú na hArdteiste 2012 mar tháinig na hathruithe bainteach leis an 40% ar labhairt na Gaeilge isteach i mbliana.
Beidh saineolaithe éagsúla ag labhairt, beidh líon mór seastán eolais ann le háiseanna scoile den scoth agus beidh deis iontach ag daoine bualadh le múinteoirí eile agus tuairimí a mhalartú.
Arís i mbliana ar an Satharn cuirfear réimse leathan ceardlann phraiticiúil ar fáil a sholáthróidh smaointe nua agus ábhar suimiúil ar féidir iad a úsáid láithreach sa seomra ranga Gaeilge - ábhar amhail scannáin agus áiseanna nua atá amuigh ansin. Beidh cur i láthair agus ceardlanna le teagascóirí, léachtóirí agus múinteoirí. Ina measc siúd a bheidh i mbun ceardlainne beidh Reuben Ó Conluain, Carmel Nic Eoin, Éamonn Ó Domhnaill, Bernardine Nic Giolla Phádraig, Ógie Ó Ceallachair mar aon le go leor eile.
Tuilleadh eolais: www.tionolteagaisc.com
© Foilsithe ar Gaelport.com 30 Deireadh Fómhair 2012
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
Bliain na Gaeilge 2013 le seoladh ag Oireachtas na Samhna
Béim ar bhuntáistí an ilteangachais sa phacáiste gairmthreorach Céim Chun Tosaigh
Forbairtí i réimse na Gaelscolaíochta le plé ag Comhdháil Oideachais 2012
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge