Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Bord Nua Údarás na Gaeltachta

$
0
0
Tá Comhairlí Contae ina bhfuil ceantar gealtachta faoin gcúram tar éis comhaltaí do bhord nua Údaráis na Gaeltachta a ainmniú le déanaí.

Tháinig deireadh le tréimhse an Bhoird deiridh le déanaí chun feidhm a thabhairt don Bhord atá go hiomlán difriúil ó thaobh déantúis, modha cheapacháin agus líon na gcomhaltaí de.

Tá deireadh anois leis an seanchóras ó thaobh toghcháin go daonlathach ar an mBord le haontú Acht na Gaeltachta 2012 níos túisce sa bhliain, agus tá laghdú de 8 gcomhalta ar an mbord ó 20 comhalta go 12 chomhalta.

Tá comhaltaí ainmnithe ag na Comhairlí Contae a bhfuil ceantar Gaeltachta faoin gcúram ar an mbord nua

1. Comhairle Contae Dhún na nGall - Daithí Alcorn

2. Comhairle Contae na Gaillimhe - Seosamh Ó Laoi

3. Comhairle Contae Mhaigh Eo – Ian Mac Aindriú

4. Comhairle Contae Chiarraí - Séamus Cosaí Mac Gearailt

5. Comhairle Contae na Mí - Cathal Seoighe

Roinnfear comhalta amháin idir Ghaeltacht Chontae na Mí agus Chontae Phort Láirge ar bhonn timthriallach gach dhá bhliain. Níor ainmnigh an tAire Gaeltachta Cathaoirleach an Bhoird nó aon cheann den seisear ainmniúchán atá aige go fóill ach tuigtear do Gaelport go mbeidh seo déanta roimh dheireadh na seachtaine seo chugainn.

Dúirt urlabhraí na Roinne gur tháinig os cionn 68 iarratas chuig an Roinn tríd an suíomh gréasáin www.publicjobs.ie agus go bhfuil anailís á déanamh ar na hiarratais sin faoi láthair. Beidh an tAire ag cinntiú go mbeidh taithí agus scileanna ag na daoine a cheapfar ar nithe atá ábhartha i leith fheidhmeanna an Údaráis.

Ní rachaidh téarmaí oifige na gcomhaltaí thar chuig bliana agus ní cheapfar comhaltaí chun oifige ar feadh níos mó na dhá théarma i ndiaidh a chéile.

 

© Foilsithe ar Gaelport.com 30 Deireadh Fómhair 2012

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

An Tionól Teagaisc ar siúl in Ollscoil na hÉireann Gaillimh

Bliain na Gaeilge 2013 le seoladh ag Oireachtas na Samhna

Tús curtha le hathleasú pátrúnachta i scoileanna na tíre

 

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>