Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

An Chéad Fhíschluiche as Gaeilge le fáil anois

$
0
0
Seoladh an chéad fhíschluiche riamh as Gaeilge an tseachtain seo caite in Áras Fhoras na Gaeilge i lár chathair Bhaile Átha Cliath.

Tionscnamh de chuid an Fhorais is ea ‘An Caife Craosach’ atá maoinithe tríd an Scéim Nuálachais agus a cuireadh le chéile i gcomhar le Black Market Games.

Is cluiche idirghabhála é ‘An Caife Craosach’ ina roghnaíonn an t-imreoir carachtar amháin, Gabe nó Gabby, le bheith mar bhainisteoir ar bhialann neamhghnách i mBaile Ravenwood. Caithfidh an t-imreoir freastal go sásúil ar na hollphéisteanna ar fad atá mar chustaiméirí na bialainne ionas go n-íocfaidh gach ceann acu sula bhfágfar.

Is bealach éagsúil é ‘An Caife Craosach’ leis an nGaeilge a chur os comhair cainteoirí líofa agus daoine ar bheagán Gaeilge go spraíúil agus go taitneamhach. Ag seoladh an chluiche dúirt Ferdie Mac an Fhailigh, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge "Le tionscnaimh mar seo is féidir linn an Ghaeilge a choinneáil suas chun dáta ó thaobh na teicneolaíochta agus cuirtear tacaíocht foghlama ar fáil don teanga. Tá áthas orainn go bhfuil baint againn leis an tionscadal".

Dar le Lee Fallon as Black Market Games i nDoire, is coincheap é ón aon bhall den fhoireann nach Éireannach é leagan Gaeilge a dhéanamh don chluiche Dead Hungry Diner. "Tháinig Eric Reinhart aníos leis an smaoineamh leagan Gaeilge a chur ar fáil. Ós rud é gur cuideachta cluichíochta Éireannach sinn cheapamar go mbeadh cluiche as Gaeilge tarraingteach do dhaoine a labhraíonn Gaeilge agus a imríonn cluichí. Bhí ionadh orainn nár tharla a leithéid cheana agus bhí ríméad orainn nuair a d'imigh Foras na Gaeilge i gcomhar linn” a dúirt sé.

Tá ‘An Caife Craosach’ le fáil anois mar DVD nó mar íoslódáil dhigiteach ar phraghas €4.99. Is féidir an cluiche, a oireann do ríomhairí pearsanta nó ríomhairí glúine ar a bhfuil Windows, a fháil ó www.deadhungrydiner.com agus ó na suíomhanna íoslódálacha a leanas: Steam www.steampowered.com, Big Fish Games www.bigfishgames.com, www.iwin.com agus www.msngames.com.

 

© Foilsithe ar Gaelport.com 30 Deireadh Fómhair 2012

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Gaelport.com mar urraitheoir ag Gradaim Idirlín na hÉireann 2012

Bliain na Gaeilge 2013 le seoladh ag Oireachtas na Samhna

Béim ar bhuntáistí an ilteangachais sa phacáiste gairmthreorach Céim Chun Tosaigh

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>