Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Gearrliosta Ghradam Leabhar na Bliana foilsithe

$
0
0

Bronnfar duaiseanna arís i mbliana in dhá chatagóir de ghradaim Leabhar na Bliana; Gradam Uí Shúilleabháin (Leabhar na Bliana do Dhaoine Fásta) agus Gradam Réics Carló (Leabhar na Bliana do Dhaoine Óga). 

Chuaigh foilsitheoirí ar fud na tíre in iomaíocht lena chéile don duaischiste €22,000 atá le dul leis an dá ardghradam seo. Aithníonn an comórtas obair dhian na bhfoilsitheoirí agus tallann na scríbhneoirí agus na n-ealaíontóirí agus iad ag cruthú saothar úr as Gaeilge. Tá na duaiseanna urraithe ag Foras na Gaeilge agus bíonn Oireachtas na Gaeilge i mbun riarachán an chomórtais.

Ar an ngearrliosta do Ghradam Uí Shúilleabháin, Leabhar na Bliana do Dhaoine Fásta tá:

Cló Iar-Chonnacht le Ar Nós an Pháiste, Pádraig Standún,

Coiscéim le Rogha Dánta, Louis de Paor,

Leabhar Breac le An Litir, Liam Mac Cóil,

Cois Life le Dúlra Oileáin Árann, Con Ó Ruairc,

Ar an ngearrliosta chomh maith tá dráma leis an mórscríbhneoir, Liam Ó Flaithearta, Dorchadas a bhí caillte ar feadh na mblianta. Tá an leabhar seo á fhoilsiú den chéad uair ag Arlen House.

Ar an ngearrliosta do Ghradam Réics Carló, Leabhar na Bliana do Dhaoine Óga, tá:

Cois Life le hAilfí agus an Vaimpír, Orna Ní Choileáin,

Leabhair COMHAIR le Saol an Mhadra Bháin le Ríona Nic Congáil agus maisithe ag Críona Nangle,

Futa Fata le Binjí – Madra ar Strae scríofa ag Patricia Forde, maisithe ag Brian Fitzgerald ,

Cló Mhaigh Eo le húrscéal bríomhar ábhartha do léitheoirí ó 10 mbliana d’aois, Tubaiste ar an Titanic le Máire Zepf agus Olivia Golden,

An tSnáthaid Mhór le Ó Chrann go Crann scríofa ag Caitríona Hastings agus maisithe ag Andrew Whitson.

Beidh buaiteoirí Ghradam Uí Shúilleabháin & Ghradam Réics Carló á bhfógairt Dé Céadaoin 21 Samhain 2012 ag ócáid bhronnta sa Sugarclub, Sráid Líosain, Baile Átha Cliath 2.

 

© Foilsithe ar Gaelport.com 30 Deireadh Fómhair 2012

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Deontas €5000 le bronnadh ar scannánóirí Gaeilge

Ceardlann d’fhilí óga á reáchtáil mar chuid d’Fhéile Bheag Filíochta 2012

Saol agus saothar ‘Liriceoir an Ghrá’ le ceiliúradh in Áras na Scríbhneoirí

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>