Beidh neart ceoil ó ardchathair mar aon le polcaí ó cheantar Shliabh Luachra le cloisteáil ag Siamsaíocht@6 in Óstán Central Hotel ar Shráid an Chiste i gceartlár Bhaile Átha Cliath mar shraith de na ceolchoirmeacha míosúla a bhíonn á n-eagrú ag Gael Linn.
Bíonn an oíche ceoil seo ar siúl óna 6:00– 8:00pm agus beidh na doirse ar oscailt ó 5.45pm ar an Máirt, 20 Samhain 2012.
Tógadh John O’Brien i gclann cheolmhar in Árd Aidhin, Baile Átha Cliath. Is óna dheartháir Mick a thosaigh sé ag foghlaim na bpíob agus é ina dhéagóir. Ba mhór an tionchar a d’imir Mick ar a chuid píobaireachta, cosúil le leithéidí Séamus Ennis, Johnny Doran agus Willie Clancy. Tá iliomad duaiseanna agus gradam buaite ag John thar na blianta, ag Fleadh Cheoil na hÉireann agus ag an Oireachtas. Is iomaí camchuairt atá déanta aige sna Stáit Aontaithe, san Eoraip, sa tSín agus sa tSeapáin le 'Riverdance' agus le 'Celtic Woman', agus é ar stáitse i leithéidí Radio City Music Hall agus Carnegie Hall i Nua-Eabhrac.
Is de bhunadh Shliabh Luachra, Co. Chiarraí, é an boscadóir cumasach Paudie Ó Connor. Tá tionchar láidir ag leithéidí Pádraig O’Keefe agus Denis Murphy, beirt fhidléirí iomráiteacha ón gceantar, le haithint ar a chuid ceoil. Fuair sé inspioráid, chomh maith, ó thriúr laochra cairdín ó Shliabh Luachra - Johnny O' Leary, Jimmy Doyle agus John Brosnan agus é ag fás aníos. Cuireadh an-fháilte roimh a albam aonair, 'Different State', i 2005, ar a bhfuil ceol rince agus foinn mhalla óna cheantar dúchais. Tá an-tóir ar Phaudie mar mhúinteoir agus mar léachtóir ag ceardlanna agus ag féilte sa bhaile agus i gcéin.
Cead Isteach: €15 (Blaisíní bia san áireamh!)
Beár ar oscailt / Tae & Caife ar fáil
Áirithint riachtanach (spás teoranta!): 087-2547574 / niamh@gael-linn.ie
© Foilsithe ar Gaelport.com 30 Deireadh Fómhair 2012
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
Siamsaíocht agus Ceol le linn Fhéile na Mí 2012
Ceardlann d’fhilí óga á reáchtáil mar chuid d’Fhéile Bheag Filíochta 2012
An Chéad Fhíschluiche as Gaeilge le fáil anois
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge