Beidh deis iontach ag duine cóip de na dlúthdhioscaí ‘Irish Traditional Sean-Nós Songs’ le Celia Ní Fhátharta, ‘Nuair a théid sé fán chroí’ le Máire Ní Choilm, agus Ó Chaon Taobh le Mairéad Ní Fhlatharta a bhuachan.
Bíonn na mná seo le cloisteáil go minic ar stáitse le linn Oireachtas na Samhna.
Is as Baile na hAbhann i gConamara do Celia Ní Fhátharta. Bhuaigh sí Corn Uí Riada i 1999 agus d’imigh sí ar imirce go luath ina dhiaidh sin. Tá an binneas, an brón agus an gealgháire le cloisteáil ina glór maorga ar an taifeadadh álainn seo d’amhráin amhail Neainsín Bhán, Úna Dheas Ní Nia, Sagart na Cuile Baine, Bríd Thomáis Mhrucha mar aon le go leor eile.
Is as Mín an Iolair, Doirí Beaga i dTír Chonaill don amhránaí iomráiteach Máire Ní Choilm. Chroch sí léi Corn na mBan ag Oireachtas na Samhna i Leitir Ceanainn sa bhliain 2009. Tá an-aithne ar Mháire ar fud na tíre agus thar lear mar amhránaí sean-nóis agus tá stíl dá cuid féin ag Máire a thugann an teideal ‘Smólach an Screabáin’ di.
Is as Baile an tSléibhe, An Spidéal, Co. na Gaillimhe don amhránaí aitheanta Mairéad Ní Fhlatharta. Tá glór binn, sainiúil Mhairéad ar cheann de sheoda an dlúthdhiosca Ó Chaon Taobh.
Tá a cumas iontach mar fhonnadóir lena mbaineann sí casadh nua as filíocht ársa, cheolmhar na n-amhrán mar bhua eile aici. Tá fréamhacha a muintire sna hamhráin mhóra a d’fhoghlaim Mairéad faoi stiúir an tsárfhonnadóra Peatsaí Ó Ceannabháin, na hamhráin nua a cumadh agus a chuala sí ag fás aníos agus a chasann sí le beocht agus le croí.
Ceist na seachtaine seo:
Cá mbeidh Oireachtas na Samhna na bliana seo ar siúl?
• An Uaimh
• Leitir Ceanainn
• Béal an Átha
• Béal Feirste
Seol freagraí agus ainm do scoile chuig duais@comhdhail.ie roimh mheán lae, Déardaoin, 8 Samhain 2012 agus bíodh na focail “Comórtas Gaelport” mar ábhar an ríomhphoist.
Táimid fíorbhuíoch de Chló Iar-Chonnacht a bhronn na duaiseanna iontacha seo orainn.
© Foilsithe ar Gaelport.com 30 Deireadh Fómhair 2012
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge #comórtas