Beidh teacht le chéile speisialta don chéad uair riamh ag lucht Gaeilge Shinn Féin ar Dé hAoine 02 Samhain ag Oireachtas na Samhna i Leitir Ceanainn.
Seolfaidh Uachtarán Shinn Féin Gearóid Mac Ádhaim TD leathanach nua Facebook ‘An Cabair’, atá bunaithe ag Oifigeach Náisiúnta Gaeilge Shinn Féin, Liadh Ní Riada.
“Is spás é ‘An Cabaire’ a cruthaíodh chun a bheith mar acmhainn dóibh siúd go bhfuil suim acu i nGaeilge agus áit gur féidir le daoine caidreamh as Gaeilge” arsa Ní Riada.
Beidh seimineár poiblí á reáchtáil díreach i ndiaidh seoladh ‘An Cabaire’ ina mbeidh ‘Todhchaí na Gaeilge’ mar théama.
Is é Páidí O’ Lionáird (TG4) a bheidh mar chathaoirleach ar phainéal de chainteoirí cumasacha agus is cinnte go mbeidh díospóireacht bríomhar ar siúl.
Is ócáid phoiblí an seoladh agus an seimineár a bheidh ar siúl in Seomra Knockalla, Óstán Mount Errigal @ 2.30 agus beidh fáilte roimh cách chuige.
Is féidir tuilleadh eolas a fháil ó Oifigeach Náisiúnta Gaeilge Shinn Féin Liadh Ní Riada trí r-phost a sheoladh chuig liadh.niriada@sinnfein.ie
© Foilsithe ar Gaelport.com 31 Deireadh Fómhair 2012
Seans go mbeidh speis agat sna scéalta a leanas:
Lean an scéal seo ar @Gaelport agus ar Twitter: #Gaeilge